Tá an aip SAOR IN AISCE ‘Explore Cork’ ar fáil le híoslódáil ar Android, iOS agus ar an ngréasán.

D’fhorbair Comhairle Contae Chorcaí an aip ‘Explore Cork’, aip uathúil turasóireachta ilfhreastail, ina bhfuil níos mó ná 850 áit le feiscint agus rudaí le déanamh ar fud Chorcaí.

Is í an aip saor in aisce seo, atá ar fáil i mBéarla agus i nGaelainn, an chéad cheann dá cineál ag aon Údarás Áitiúil in Éirinn.

Bain triail as an bhfeidhm ‘Céard atá gar dom?’ le gníomhaíochtaí turasóireachta in aice láimhe a bhrabhsáil i 18 gcatagóir nó bain úsáid as rannán conairí tiomnaithe na haipe chun faisnéis fhairsing a fheiscint maidir le go leor conairí siúil iontacha i gContae Chorcaí.

Cibé duine áitiúil thú, ag nochtadh seoid atá i bhfolach den chéad uair, nó cuairteoir ag pleanáil turais go Corcaigh, tá  sé ar fad ar fáil ar ‘Explore Cork’ ach cnaipe a bhrú.
 

Explore Cork App Icon Image

App store Icon

Google Play Store Icon