Camden Fort Meagher
                     Entrance to Camden Fort Meagher                      

Aithnítear Camden Fort Meagher go hidirnáisiúnta mar cheann de na samplaí is fearr ar domhan de Dhún Airtléire Cósta atá fós ina sheasamh. 

  • Le ós cionn 400 bliain bhí ról lárnach ag an dún mar phointe straitéiseach láidir i gcosaint Éire, cóstaí thiar Shasana agus na Breataine Bige. 

  • Cathair ghríobháin tollán agus seomraí faoi thalamh is ea 65% de Camden Fort Meaghar. 

  • Áit iontach an áit Camden Fort Meaghar chun breathnú ar longa ag seoladh tríd Chuan Chorcaí, an dara cuan nádúrtha is mó ar domhan.

  • I measc buaicphointí Camden Fort Meaghar tá:

    An Tollán Glé – Téann sé síos 160 troigh ó bharr an Dúin go dtí a bhun.

    Staighre Bíse Eibhir – Thug sé seo rochtain thapa do na saighdiúirí ar an armlann i gcás ionsaithe.

    Armlann – Ba stóras í seo tráth de mhéid ollmhór muinisean agus púdair ghunna.

    Athléiriú – Eagraítear taispeántais go minic ag Fort Camden Meaghar a thugann léargas ar thréimhsí éagsúla sa stair.

    Tá cuid mhór de Chuan Chorcaí le feiceáil ón Dún

    Seomraí Taispeántais – Taispeántais idirghníomhacha ag leagan amach amlíne stair Camden Fort Meaghar.

    Ground Zero 360 – An t-aon taispeántas cónaithe faoi thubaiste 9-11 ar domhan taobh amuigh de Manhattan, Nua-Eabhrac.

    Seomraí Tae – Seomraí Tae Claisiceacha le spás deiceála taobh amuigh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi uaireanta oscailte agus cead isteach cliceáil anseo

Camden Fort Meagher Defensive Wall
                Camden Fort Meagher Defensive Wall

 

Cannon at Camden Fort Meagher
                 Cannon at Camden Fort Meagher

 

Cobh Heritage Center and ship
                                  Cobh Heritage Centre                              

Insíonn Ionad Oidhreachta an Chóibh scéal staire & oidhreachta an Chóibh, scéal an Ghorta Mhóir, na himirce as Éirinn, scéal na long báis, an Titanic agus bhá an Lusitania.

Is féidir le cuairteoirí foghlaim faoi scéal Annie Moore agus a beirt dheartháirí a d'fhág Cóbh chun aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá. Ba í Annie Moore an chéad imirceach riamh a próiseáladh ar Oileán an Choraintín i Meiriceá.

Tá an t-ionad oidhreachta suite i stáisiún traenach Victeoiriach an Chóibh a bhfuil athchóiriú álainn déanta air.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi uaireanta oscailte agus cead isteach cliceáil anseo

Display of information of the Titanic
                 Titanic Story in the Cobh Heritage Centre

 

Dursey Island Cable Car
                                      Dursey Island Cable Car                         

Tá an t-aon charr cábla in Éirinn suite i gCorcaí agus déanann Comhairle Contae Chorcaí é a oibriú agus a chothabháil.

Is é Oileán Baoi an t-oileán cónaithe is faide siar i gCorcaí agus é lonnaithe ar Phointe Iartharach Bhéarra.

Ritheann Carr Cábla an Oileáin thart ar 250 méadar os cionn leibhéal na farraige agus is féidir leis seisear a iompar ag aon am amháin ar thuras 15 nóiméad ón mhórthír go dtí Oileán Baoi.

Tá bealaí siúil, áiteanna chun faire ar éanacha, míolta móra agus deilfeanna ar an oileán chomh maith le reilig stairiúil agus go leor gnéithe stairiúla eile.

Uimhir Ghutháin an Chairr Chábla: 027 73851

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi uaireanta oscailte agus cead isteach cliceáil anseo

Dursey Island Cable Car over water
                Dursey Island Cable Car over water

 

Borrow Dyke Hide
Borrow Dyke Hide

Tá Bogaigh Oileán an Harpúraigh suite gar don Ghleanntán i gCuan Chorcaí.  Tá an láthair speisialta seo mar thearmann do líon an-mhór gnéithe éan uisce a thagann go Cuan Chorcaí i rith an gheimhridh.  Anuas air sin tacaíonn na gnáthóga sna bogaigh le gnéithe dúchasacha plandaí agus soláthraítear bia is fothain do na feithidí, sciatháin leathair agus sineacha eile.   

Tá dhá pholl folaigh éan ar an oileán óna mbíonn radharc aoibhinn thar na bogaigh, agus osclaíodh lúb-chosán nua siúlóide le déanaí.  Tá na bogaigh mar chuid de Limistéar Caomhnú Speisialta Chuan Chorcaí agus freisin mar chuid de  Limistéar Caomhnú Speisialta  Cuisle Cuain An Oileáin Mhóir.   Táid á mbainistiú don chaomhnú nádúir ag Comhairle Contae Chorcaí i bpáirt le BirdWatch Ireland agus Cumann Pobail An Gleanntán (san áireamh tá Seid na bhFear An Gleanntán agus Grúpaí Bailte Slachtmhara).  Táimid buíoch de Jim Wilson as na grianghrafanna.

Gheofar breis eolais anseo faoi éin Oileán an Harpúraigh,  uaireanta oscailte agus imeachtaí. 

 

 

Godwit Landing
Godwit Landing
lapwing and Golden Plover at Harper's Island Wetlands
Lapwing and Golden Plover
at Harper's Island Wetlands
Mallow Castle
                                               Mallow Castle                                

Téann stair Chaisleán Mhala, atá faoi úinéireacht Chomhairle Contae Chorcaí anois, siar go dtí 1185 nuair a d'ordaigh Seán, Rí Shasana, go dtógfaí an chéad chaisleán i Mala.

In 1282, tháinig sé faoi úinéireacht Iarlaí Dheasumhan. Tar éis Chogaí na nGearaltach ghlac an Bhanríon Eilís seilbh ar an eastáit agus thug sí do Sir Thomas Norrey é in éineacht le Tiarnas Mhala agus sé mhíle ácra den talamh mórthimpeall. Bhí riocht Chaisleán Dheasumhan chomh dona sin in 1585 gur tógadh caisleán nua ar an suíomh céanna.

In 1607, phós Elizabeth Norrey, iníon Sir Thomas agus iníon bhaistí Bhanríon Eilís Sir John Jephson. Bhí cónaí ar shliochtaigh dhíreacha an bheirt sin i gcaisleán Mhala go dtí gur cheannaigh clann McGinn as Washington D.C. é sna 1980idí.

Tá seanfhothrach an chaisleáin ina shéadchomhartha náisiúnta ó 1928. Níl foirgneamh an chaisleáin nua oscailte don phobal faoi láthair ach is féidir cuairt a thabhairt ar fhothracha an tseanchaisleáin agus a thailte áit ar féidir leat na fianna bána uathúla a fheiceáil atá lonnaithe anseo ó 1600. Is cuid de shliocht na bhfianna bána iad seo a thug an Bhanríon Eilís dá hiníon bhaiste Elizabeth Norrey mar bhronntanas.

Ruins of Mallow Castle
                                        Ruins of Mallow Castle
Mallow Castle
                                            Mallow Castle

 

Bust of Michael Collins
                   Bust of Michael Collins               

Is músaem tiomnaithe don tírghráthóir agus laoch réabhlóideach, Mícheál Ó Coileáin, atá faoi úinéireacht Chomhairle Contae Chorcaí é Teach Mhíchíl Uí Choileáin. Suite ar Chearnóg Emmet i gCloich na Coillte, Iarthar Chorcaí, cuireann an músaem beocht i stair Chogadh na Saoirse, agus tugann sé léargas dúinn ar shaol an cheannaire chogaidh réabhlóideach is mó le rá as Corcaigh.  

Déanann an músaem iniúchadh ar an troid ar son neamhspleáchas na hÉireann ó thréimhse éirí amach 1798 chomh fada le bás Mhíchíl Uí Choileáin ag deireadh Chogadh na gCarad in 1922. Feileann an músaem do dhaoine de gach aois agus úsáidtear taispeáintí idirghníomhacha, meáin chlosamhairc, táblaí eolais agus déantúsáin chun beocht a chur sa scéal.
 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi uaireanta oscailte agus cead isteach cliceáil anseo

Michael Collins House Interior
                                  Michael Collins House Interior
Michael Collins House
                                           Michael Collins House   

 

Mizen Head Footbridge
                  Mizen Head Footbridge             

Tá droichead coisithe drámatúil ar Charn Uí Néid, an t-aon bealach isteach go dtí an teach solais agus an Stáisiún Comharthaíochta.

Bunaithe chun beatha daoine a shábháil ar chósta marfach na hÉireann, tá Stáisiún Comharthaíochta Charn Uí Néid lonnaithe ag an bpointe is faide thiar theas in Éirinn agus tá sé oscailte don phobal.

Tá an Stáisiún Comharthaíochta achar gearr siúlóide ón gcarrchlós, síos 99 céim agus trasna an Droichid Áirsigh aitheanta. Tá clú ar Charn Uí Néid freisin mar áit ar féidir míolta móra agus deilfeanna a fheiceáil chomh maith le bláthanna fiáine.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi uaireanta oscailte agus cead isteach cliceáil anseo

Skibereen Heritage Centre
                               Skibbereen Heritage Centre                         

Feidhmíonn Comhairle Contae Chorcaí an tIonad Oidhreachta ina bhfuil Taispeántas Cuimhneacháin ar an nGorta Mór le taispeántáin, drámaithe, agus taispeáintí idirghníomhacha.

Tá Ionad Cuairteoirí Loch Oighinn lonnaithe san Ionad Oidhreachta freisin. Is í Loch Oighinn an chéad Anaclann Dúlra Mara in Éirinn.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi uaireanta oscailte agus cead isteach cliceáil anseo

Skibbereen Heritage Centre Display
                             Skibbereen Heritage Centre Display

 

 

Europe’s Leading Tourist Attraction Logo

Ba í Inis Píc an príosún is mó do choirpigh ar domhan uair amháin, agus inniu is ionad tuarasóireachta agus oidhreachta é a bhfuil duaiseanna móra buaite aige. Má tá tú i gCorcaigh caithfidh tú cuairt a thabhairt ar Inis Píc. Lonnaithe i gCuan Chorcaí, an dara cuan nádúrtha is mó ar domhan, bhuaigh an t-iarshuíomh príosúin atá faoi úinéireacht Chomhairle Contae Chorcaí an gradam 'Europe's Leading Tourist Attraction' ag an ócáid mór le rá, World Travel Awards, in 2017.

Le 1300 bliain anuas bhí Inis Píc ina áit chónaithe ag círéibeoirí agus saighdiúirí dearga, captaein agus coirpigh, chomh maith le manaigh agus mainistreacha, peacaigh agus naoimh.   Bhí Mainistir, Daingean, Príosún agus Tithe Cónaithe lonnaithe ar na 104 ácra áille agus sa lá atá inniu ann níl ort ach turas gearr le radharcanna áille a dhéanamh i mbád farantóireachta ó bhaile oidhreachta an Chóibh le dul i dtír ar an oileán. Chomh luath agus a shroicheann tú an t-oileán, beidh tú i gcomhluadar na scéalaithe is fearr in Éirinn a thabharfaidh léargas iontach duit ar na scéalta pearsanta a bhaineann leis an gcuid uathúil seo den Oirthear Ársa.  


Tabhair cuairt ar Fort Mitchell, Daingean réaltchruthach ar 24 ácra atá 200 bliain d'aois agus a tógadh chun impireacht a chosaint. Ba é an daingean an príosún is mó ar domhan sna 1850idí i rith bhlianta an ghorta mhóir.  Rinneadh na mílte Éireannach, idir fhir agus mhná, a dhíbirt go dtí Meiriceá agus an Astráil ó phríosún Inis Píc.  Bhain arm agus cabhlach na Breataine agus na hÉireann úsáid as an oileán i gcaitheamh na mblianta go dtí go ndearnadh príosún de arís sna 1980idí.

 
Inniu, is féidir le cuairteoirí eolas a chur ar an Daingean ollmhór, dul isteach sa bhloc Pionóis míchlúiteach agus sna cillíní príosúin nua-aimseartha, an pháirc ghunnaí is mó in Éirinn a fheiceáil, dul ar thuras tríd na tolláin a théann go dtí gunnaí cosanta an chuain, dul isteach sa phríosún do pháistí a bhí ann tráth agus na 104 ácra de shráidbhailte, tránna agus féaraigh a shiúil.

 

Glac an turas álainn ar bhád farantóireachta ó Ché Kennedy, An Cóbh, agus foghlaim faoi stair dhochreidte an phríosúin

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi uaireanta oscailte agus cead isteach cliceáil anseo

 

Spike Island aerial

Spike Island

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Spike Island, mock prisoner

 
Youghal Clock Tower Exterior
             Youghal Clock Tower                          

Is foirgneamh aitheanta é Túr Geata Chlog Eochaille atá lonnaithe sa bhaile ionad saoire cois trá álainn sin in Oirthear Chorcaí, Eochaill. Is áit í in Oirthear Ársa Éireann a mhealann go leor cuairteoirí, agus is é an Túr Geata an sainchomhartha is cáilliúla i mbaile Eochaille.

Tógadh é in 1777 ach tá 600 bliain staire ag baint leis. Bhí sé dúnta don phobal leis na blianta go dtí gur osclaíodh doirse an fhoirgnimh shuntasach seo arís in 2017 – ní príosún atá ann a thuilleadh ach áit chun eolas a fháil faoi stair fhíorspéisiúil Eochaille.

Insítear scéal spéisiúil ar gach ceann dá 4 urlár, scéalta atá chomh huathúil leis an túr féin. Tugann scéalaithe turas treoraithe de Thúr Geata Chlog Eochaille trí mheán scéalta iontacha a thugann deis dúinn dul ar ais sna blianta. Tabharfaidh scéalaithe atá gléasta i "bhFeistis Sheanré" ar thuras tú agus cuirfidh siad beocht i scéal an Túir mar a bhí sé fadó. Caithfidh tú cuairt a thabhairt ar an stuchtúr stairiúil uathúil seo má tá tú san Eochaill.  

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi uaireanta oscailte agus cead isteach cliceáil anseo

Youghal Clock Tower

 

Youghal Clock Tower