Focal Fáilte ó Mhéara Contae Chorcaí, an Comhairleoir Mary Linehan Foley

Tá an-áthas orm fáilte a chur romhat chuig suíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí. Creidim go bhfaighidh tú go bhfuil an t-ábhar, na naisc agus na seirbhísí ar líne atá ar fáil ann an-spéisiúil agus an-luachmhar.
Tá Méara an Chontae agus Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Corcaí tacaithe ag an bhFeidhmeannacht atá faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh, an tUas. Tim Lucey. Is féidir leat níos mó eolais a fháil faoi mo chuid comh-Chomhairleoirí ar an suíomh gréasáin seo, lena n-áirítear sonraí teagmhála, agus tá Miontuairiscí Chruinnithe na Comhairle ar fáil ann freisin.
Tá 55 Chomhalta Tofa ann, a dhéanann ionadaíocht ar na 10 dtoghcheantar, a chomhfhreagraíonn do na 8 gCeantar Bhardasacha. Toghann sibhse, saoránaigh Chorcaí, Comhaltaí Tofa, nó Comhairleoirí, le haghaidh téarma cúig bliana. Eagrófar na chéad Thoghcháin Áitiúla eile i Meitheamh 2024.
D'fhorbair Comhairle Contae Chorcaí an suíomh gréasáin seo le go mbeadh sé inrochtana agus éasca le húsáid, ag cur ar fáil eolas tráthúil agus ábhartha ar bhealach atá sothuigthe. Gheobhaidh tú eolas faoi ábhair atá spéisiúil duit, chomh maith le heolas faoi sheirbhísí ar féidir leat rochtain a fháil orthu.
Creidim go bhfuil sé fíorthábhachtach go mothódh saoránaigh ceangal lena gComhairle áitiúil agus lena gcuid Comhaltaí Tofa; níl sa suíomh gréasáin seo ach ceann de na bealaí cumarsáide atá ann idir Comhairle Contae Chorcaí agus na pobail agus na páirtithe leasmhara inár gcontae.
Go raibh maith agat as cuairt a thabhairt ar Chomhairle Contae Chorcaí; tá súil agam go n-aimseoidh tú a bhfuil ag teastáil uait, agus go leanfaidh tú ort ag tabhairt cuairte ar an suíomh gréasáin de réir mar a chuirfear gnéithe nua leis le himeacht ama.
Le gach dea-ghuí,
An Comhairleoir Mary Linehan Foley, Méara Chontae Chorcaí.
Má theastaíonn ó aon ghrúpa cuireadh a thabhairt do Mhéara an Chontae nó do Leasmhéara an Chontae freastal ar ócáid, ba cheart dó an fhoirm thíos a líonadh isteach agus é a sheoladh isteach chuig:
Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Contae Chorcaí
Urlár 14, Halla an Chontae, Bóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh, T12 R2NC
Teileafón: 021-4285367
Seoladh ríomhphoist: mayor@corkcoco.ie
Mayor’s Diary for Week Monday, 16th December
- Sunday, 22nd December 2019
Monday, 16th December
10.00am World Health Organisation Launch Ceremony | Age Friendly Ireland Shared Service
Slane Castle, Co. Meath
Cllr Alan Coleman to deputise
2.30pm Meeting with Oireachtas Members
Council Chamber,
County Mayor Cllr Christopher O’Sullivan to attend
Sunday, 22nd December
1.00pm Drinagh Tractor Run - Fund Raising Event 2019
Drinagh,
Cllr Joe Carroll to deputise
Mayor’s Diary may be updated throughout the Week
Is féidir le hionadaithe na meán cumarsáide agus baill an phobail freastal ar chruinnithe na comhairle. Mar gheall ar shrianta Covid-19 tá cruinnithe á reáchtáil go cianda fé láthair. Is féidir rochtain ar chruinnithe na comhairle ar líne a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig corporate.services@corkcoco.ie.
Is Oifigigh Phoiblí ainmnithe iad gach Comhalta Tofa den Chomhairle, an Príomhfheidhmeannach agus Comhaltaí na Foirne Bainistíochta Sinsearaí faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.
Is féidir leat sonraí teagmhála na gComhaltaí Tofa a rochtain anseo.
Tá an Grúpa Beartais Chorparáidigh (GBC) ina Choiste de chuid na Comhairle agus bunaíodh é faoi Alt 133 den Acht Rialtais Áitiúil 2001. Cuimsíonn sé Cathaoirleach Chomhairle Contae Chorcaí atá ina chathaoirleach ar an ngrúpa, cathaoirligh Choistí um Beartais Straitéisigh na Comhairle, agus cathaoirligh an Cheantair Bhardasaigh.
Is é ról an GBC ná comhairle agus cúnamh a thabhairt do Chomhaltaí Tofa maidir leis an mbeartas a cheapadh, a fhorbairt agus monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh air. Féadann sé tograí a dhéanamh freisin chun gnó a leithdháileadh idir CBSanna agus um chomhordú ginearálta an ghnó.
Féadann an GBC freisin comhordú, comhsheasmhacht agus éifeachtacht a chur chun cinn, chomh maith le seachaint na dúblála i gcomhlíonadh fheidhmeanna na Comhairle ag comhaltaí an Cheantair Bhardasaigh.
Tá sé mar oibleagáid ar an bPríomhfheidhmeannach dul i gcomhairle leis an GBC maidir le hullmhú an Phlean Chorparáidigh agus dréachtú dhréachtbhuiséad na Comhairle. Féadann an GBC freisin iarraidh ar an bPríomhfheidhmeannach tuairisc a thabhairt dó faoi aon ábhar a bhaineann le feidhm de chuid na Comhairle.
Is iad comhaltaí reatha an GBC ná:
Tim Lucey, Príomhfheidhmeannach
An Méara, An Comhairleoir Christopher O'Sullivan
An Comhairleoir John Paul O'Shea
An Comhairleoir Anthony Barry
An Comhairleoir Frank O'Flynn
An Comhairleoir Declan Hurley
An Comhairleoir Michael Hegarty
An Comhairleoir Gobnait Moynihan
An Comhairleoir Séamus McGrath
An Comhairleoir Alan Coleman
An Comhairleoir Patrick Gerard Murphy
Bíonn cruinnithe rialta ag an GBC.
Íocaíochtaí le Comhaltaí Tofa:
Formáid PDF
Clár na gComhaltaí Tofa, Íocaíochtaí agus Liosta Tinrimh do Chomhdhálacha/Chúrsaí Oiliúna 2020
Clár Comhaltaí Tofa, Faisnéis Freastail Íocaíochta & Comhdhála / Oiliúna Eanáir go Bealtaine 2019
Clár na gComhaltaí Tofa, Íocaíochtaí agus Liosta Tinrimh do Chomhdhálacha/Chúrsaí Oiliúna 2018
Clár na gComhaltaí Tofa, Íocaíochtaí agus Liosta Tinrimh do Chomhdhálacha/Chúrsaí Oiliúna 2017
Clár na gComhaltaí Tofa, Íocaíochtaí agus Liosta Tinrimh do Chomhdhálacha/Chúrsaí Oiliúna 2016
Formáid Microsoft Excel
Clár na gComhaltaí Tofa, Íocaíochtaí agus Liosta Tinrimh do Chomhdhálacha/Chúrsaí Oiliúna 2020
Clár Comhaltaí Tofa, Faisnéis Freastail Íocaíochta & Comhdhála / Oiliúna Eanáir go Bealtaine 2019
Clár na gComhaltaí Tofa, Íocaíochtaí agus Liosta Tinrimh do Chomhdhálacha/Chúrsaí Oiliúna 2018
Clár na gComhaltaí Tofa, Íocaíochtaí agus Liosta Tinrimh do Chomhdhálacha/Chúrsaí Oiliúna 2017
Clár na gComhaltaí Tofa, Íocaíochtaí agus Liosta Tinrimh do Chomhdhálacha/Chúrsaí Oiliúna 2016