Leabharlann Áth Trasna

Newmarket Library

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt, Dé Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn: 9.30 r.n. go 5.30 i.n. (Dúnta 1.00 – 2.00 i.n.)  

Dúnta Dé Luain agus Dé Céadaoin. 

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Tá réimse leathan leabhar, closleabhar ar dhlúthdhioscaí agus DVDanna le fáil i Leabharlann Áth Trasna agus is féidir aon mhír atá i stoc leabharlainne poiblí na hÉireann a fháil ar iasacht ach í a iarraidh. Tá réimse leathan leabhar againn atá oiriúnach do pháistí de gach aois, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Tá The Irish Examiner agus The Corkman ar fáil le léamh taobh istigh den leabharlann.

 

Rochtain Idirlín 

Tá rochtain idirlín ar fáil do gach ball den leabharlann. Tá Wi-Fi saor in aisce le fáil chomh maith.

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann Baile Mhistéala. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.
 
 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach
Daite A4 60 cent san leathanach.
** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

2.) Ó do bhrabhsálaí

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 
* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.
** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.
***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

Imeachtaí

Eagraítear imeachtaí éagsúla le linn na bliana, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i bhFéile na Bealtaine, Clár Ealaíon an tSamhraidh, Oíche Chultúir agus Féile Leabhar na bPáistí. Bíonn Ceardlanna Ceardaíochta agus Am Scéalaíochta do Pháistí ar siúl i rith na bliana - téigh i dteagmháil leis an leabharlann chun tuilleadh eolais a fháil.