Leabharlann Chionn tSáile

Kinsale Library

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n.

Dúnta ar an Luan.

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Is féidir le daoine fásta agus páistí réimse leabhar, leabhair ar théipeanna agus ar dhlúthdhioscaí san áireamh, a fháil ar iasacht ó Leabharlann Chionn tSáile.

 

Rochtain Idirlín

Tá rochtain idirlín agus Wi-Fi saor in aisce ar fáil sa leabharlann do bhaill na leabharlainne. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré.

 

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i Leabharlann Chionn tSáile. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

 

2.) Ó do bhrabhsálaí

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

 

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

Bróisiúr cianda priontála

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

 

Imeachtaí

Eagraítear imeachtaí éagsúla i rith na bliana, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i bhFéile na Bealtaine, Clár Ealaíon an tSamhraidh, agus Féile Leabhar na bPáistí.