Leabharlann Chloich na Coillte

Clonakilty Library

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n.

Dúnta ar an Luan. 

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Tá réimse leathan leabhar do dhaoine fásta, páistí agus déagóirí ar fáil i Leabharlann Chloich na Coillte. Is féidir leabhair ar théipeanna agus ar dhlúthdhioscaí chomh maith le rogha DVDanna a fháil ar iasacht freisin.

Tá bailiúchán tagartha ginearálta ina bhfuil ciclipéidí, foclóirí agus ábhar a bhaineann le staidéar áitiúil.

Tá nuachtáin agus irisleabhair éagsúla ar fáil le léamh sa leabharlann. Ina measc tá the Irish Examiner, Irish Independent, Irish Times agus the Southern Star. Níl sé seo ar fáil faoi láthair mar gheall ar shrianta Covid-19.restrictions.

 

Rochtain Idirlín

Tá rochtain idirlín ar fáil ar ríomhairí poiblí. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré. Is gá cárta leabharlainne bailí a thaispeáint chun an t-idirlíon a úsáid. Tá Wi-Fi ar fáil freisin do bhaill na leabharlainne.

 

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann Chloich na Coillte. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

2.) Ó do bhrabhsálaí:

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry):

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin. 

Bróisiúr cianda priontála

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

 

Imeachtaí 

Bíonn club leabhar do dhaoine fásta ar siúl ar an Máirt dheireanach den mhí ag 12 meán lae. Tá fáilte roimh chách. Tá na leabhair a úsáidtear ag an gcruinniú ar fáil sa leabharlann.

Buaileann an Grúpa Scríbhneoireachta Cruthaitheach le chéile maidin Déardaoin gach coicís idir 11:00 am agus 1:00 pm. Tá fáilte roimh bhaill nua.

Eagraítear imeachtaí éagsúla i rith na bliana, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i bhFéile na Bealtaine, Clár Ealaíon an tSamhraidh i mí Iúil agus mí Lúnasa, agus Féile Leabhar na bPáistí i mí Dheireadh Fómhair.

Is féidir cuairteanna ranga a eagrú ach teagmháil a dhéanamh leis an leabharlannaí.

 

Treoracha go dtí an Leabharlann

Agus tú ag teacht ó Chorcaigh, glac seachbhóthar an bhaile i dtreo an Sciobairín. Téigh thar pháirc CLG ar chlé agus lean ort ar an bpríomhbhóthar a théann ar aghaidh ar dheis. Nuair a thiocfaidh tú go dtí an teannaire rotha, cas ar dheis agus beidh tú ar Shráid Uí Chonghaile. Cas ar chlé ar Sráid an Cheantaigh. Tá an leabharlann suite i muileann athchóirithe ar thaobh na láimhe deise agus tá páirceáil phoiblí ar fáil taobh thiar di.

Agus tú ag teacht ón Sciobairín, glac an seachbhóthar i dtreo Chorcaí. Cas ar chlé ag an teannaire rotha agus ag Halla an Linéadaigh agus beidh tú ar Shráid Uí Chonghaile. Cas ar chlé ag teach tábhairne Brass Razoo isteach i sráid an Cheantaigh. Mar mhalairt air sin, tiomáin isteach go dtí lár an bhaile agus cas ar dheis ag an Séipéal Caitliceach. Cas ar chlé ag Oifig an Phoist isteach i Sráid an Cheantaigh. Tá an leabharlann suite ar thaobh na láimhe clé.