Leabharlann Mhala

Mallow Library

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n.

Dúnta ar an Luan.

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Osclaíodh Leabharlann nua Mhala i mí Mheán Fómhair 2006 agus tá stoc 36,000 mír aici. Ina measc tá leabhair Ficsin agus leabhair Neamhfhicsin do Dhaoine Fásta, Leabhair Mhórchló, Closleabhair, Físeáin agus DVDanna reacaireachta. Tá rogha mór leabhar ann freisin do Pháistí agus Daoine Óga de gach aois agus díol spéise. Tá Rannóg Tagartha, Rannóg Imeachtaí Ealaíne agus áit le haghaidh taispeántas sa leabharlann freisin.

Leithreas poiblí ar fáil.

 

Rochtain Idirlín 

Tá rochtain idirlín ar fáil ar ríomhairí poiblí. Tá Wi-Fi saor in aisce ann do bhaill na leabharlainne.

 

Priontáil cianda 



Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann Mala. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin, bailigh do bheart phriontála ag an both féinseirbhíse sa leahbrlann, roimh ama scoir gnó an lá dar gcionn.

A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

A4 dubh agus bán 30 cent san leathanach

Daite A4  €1.20 san leathanach.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

2.) Ó do bhrabhsálaí

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir! 

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)

Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store

Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.

Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do phost priontála á bhailiú agat.

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive (pdf)

 

Your Good Self

Clár Féinchabhrach Dearfach Thuaisceart Chorcaí chun folláine mhothúchánach a chur chun cinn. Is comhthionscnamh é an clár seo de chuid an FSS agus Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chontae Chorcaí. Mar chuid den chlár, is féidir ábhair phraiticiúla atá molta ag Síceolaithe Cliniciúla áitiúla a fháil ar iasacht ó Leabharlann Mhala.

Chun liosta d'ábhair a bhaineann le páistí agus teaghlaigh a fháil, cliceáil anseo.

Chun liosta d'ábhair do dhaoine fásta a fháil, cliceáil anseo.

Imeachtaí

Dé Máirt 

10:30 am - 12:30 pm Malairt Cheardaíochta

12:30 pm - 2:30 pm Ceardlann Filíochta (buaileann an grúpa seo le chéile ar an 1ú & 3ú Máirt den mhí)

2:30 pm - 4:30 pm Beiriste

Dé Céadaoin

11:00 am - 1:00 pm Grúpa Scríbhneoirí

2:30 pm - 4:30 pm - Grúpa Cniotála

Déardaoin

10:30 am - 12:30 pm - Grúpa Cuilteála na Leabharlainne

2:30 pm - 4:30 pm Grúpa Gníomhaíochta Lucht Scoir

5:00 pm - 7:00 pm Club Fichille

Dé hAoine

11:00 am - 12:00 pm Grúpa do Bheathú Cíche FSS

10:30 am - 11:00 am TotsTime (Am Naíonán)

1:00 pm - 3:30 pm Grúpa Ealaíne

4:00 pm - 5:00 pm Knitwits (Grúpa Cniotála)

Dé Sathairn

11:30 am - 12:15 pm Am Scéalaíochta/ Dathúchán

Imeachtaí Míosúla na Leabharlainne

2ú Déardaoin den Mhí

10:30 am - 12:30 pm Lasadóirí

2ú Satharn den mhí

10:30 am - 11:30 pm Club Leabhar

2ú Satharn den mhí

2:30 pm - 3:15 pm - Club Leabhar do Pháistí

Téigh i dteagmháil, le do thoil, le foireann na leabharlainne ar 022-21821 chun dátaí na n-imeachtaí míosúla a sheiceáil mar gur féidir leo athrú.