Leabharlann na Rátha

Charleville Library

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n.

Dúnta ar an Luan. 

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Is féidir le daoine fásta agus páistí réimse leathan leabhar, leabhair ar théipeanna san áireamh, a fháil ar iasacht ó Leabharlann na Rátha. Tá rogha leabhar tagartha ginearálta ar nós ciclipéidí agus foclóirí ar fáil sa leabharlann freisin.

Tá na nuachtáin agus na tréimhseacháin reatha seo a leanas ar fáil le léamh sa leabharlann: The Irish Examiner, The Irish Independent, The Irish Times, The Corkman, The Farmer's Journal, The Limerick Leader agus The Vale Star. 

 

Rochtain Idirlín

Tá rochtain idirlín ar fáil ar ríomhairí poiblí.. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré. Tá Wi-Fi saor in aisce ann do bhaill na leabharlainne.

 

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann na Rátha. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

2.) Ó do bhrabhsálaí:

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry):

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin. 

Bróisiúr cianda priontála

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

 

Imeachtaí 

Eagraítear imeachtaí éagsúla i rith na bliana, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i bhféilte áitiúla amhail Féile na Bealtaine, Clár Ealaíon an tSamhraidh, agus Féile Leabhar na bPáistí.

 

Treoracha go dtí an Leabharlann

Tá leabharlann na Rátha suite in iarbhfoirgneamh Eaglais na hÉireann ar an tSráid Mhór, díreach os comhair bhanc AIB. Tá sí suite ar an taobh clé den tsráid agus tú ag teacht ó Chorcaigh, nó ar thaobh na láimhe deise agus tú ag teacht ó Luimneach.