Leabharlann an Sciobairín

Skibbereen Library

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30 r.n. - 5.30 i.n.

Dúnta ar an Luan.

Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Cuireann Leabharlann an Sciobairín réimse leathan leabhar, closleabhar agus DVDanna ar fáil do pháistí, déagóirí agus daoine fásta. Tá bailiúchán leabhar tagartha againn ina bhfuil bailiúchán a bhaineann le stair áitiúil ar féidir breathnú air laistigh den leabharlann.

Tá R-leabhair, R-chlosleabhair agus R-irisleabhair ar fáil do bhaill na leabharlainne freisin.

Tá bailiúchán de leabhair agus dlúthdhioscaí féinchabhracha againn sa leabharlann atá molta ag síceolaithe agus gairmithe sláinte eile de chuid an FSS.

Tá nuachtáin agus rogha irisleabhar ar fáil le léamh taobh istigh den leabharlann. I seilbh na leabharlainne, tá cruachóip de sraith iomlán Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis le haghaidh Chontae Chorcaí ó 1842.

Leithreas poiblí ar fáil.

 

Rochtain Idirlín

Tá rochtain idirlín ar fáil ar ríomhairí poiblí.. Caithfear cárta leabharlainne bailí a thaispeáint chun an tseirbhís seo a úsáid.

Tá Wi-Fi ar fáil freisin do bhaill na leabharlainne.

Is féidir rochtain a fháil ar réimse mór acmhainní síntiúis digiteacha ar ár dtrí ríomhaire idirlín.

Is féidir rochtain a fháil ar chuid de na hacmhainní seo ar ríomhairí taobh amuigh den leabharlann trí úsáid a bhaint as cárta leabharlainne bailí.

 

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann An Sciobairín. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.  

 

2.) Ó do bhrabhsálaí

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

 

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

Bróisiúr cianda priontála

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

Imeachtaí 

Buaileann an Grúpa Scríbhneoireacht Chruthaitheach le chéile ar an gcéad Satharn agus ar an tríú Satharn den mhí.

Tá dhá Chlub Leabhar againn a bhuaileann le chéile uair amháin sa mhí. Téigh i dteagmháil leis an leabharlann le haghaidh tuilleadh sonraí.

Buaileann Grúpa Cniotála na Leabharlainne le chéile gach maidin Céadaoin ó 10:30 am.

Cuirimid cainteanna, taispeántais agus ceardlanna ar siúl i rith na bliana agus imeachtaí amhail Ealaíona Samhraidh do Pháistí agus Féile Leabhair na bPáistí i mí Dheireadh Fómhair.

Cuirimid fáilte roimh chuairteanna ranga. Moltar áirithint a dhéanamh roimh ré.

Glacaimid páirt i roinnt féilte áitiúla agus náisiúnta amhail Féile na Bealtaine, Seachtain Leabharlanna Éireann agus Féile Foghlama ar Feadh an tSaoil an Sciobairín.

Treoracha go dtí an leabharlann

Agus tú ag teacht ó Chorcaigh, glac an N71 trí Dhroichead na Bandan, Cloch na Coillte agus an Léim. Ag an timpeallán isteach go dtí an Sciobairín, glac an chéad bhóthar ar chlé i dtreo lár an bhaile. Tá an Leabharlann suite ar thaobh na láimhe deise ar an tSráid Thuaidh, díreach i ndiaidh Charrchlós an tSéipéil agus trasna an bhóthair ó Ionad Sutherland.

Agus tú ag teacht ó Dhún na Séad, glac an chéad bhóthar ar chlé i dtreo lár an bhaile ag timpeallán Bhaile an Chaisleáin. Lean an córas aontreo ar Shráid Townsend. Cas ar dheis nuair a shroicheann tú an tSráid Mhór. Cas ar chlé ag an gcearnóg ar an tSráid Thuaidh. Tá an Leabharlann suite ar chlé ag bun na Sráide Thuaidh.

Tá an pháirceáil is cóngaraí ar fáil i gCarrchlós an tSéipéil atá suite díreach os comhair na hArdeaglaise.