Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Áitribh Fholmha - Rátaí a Aisíoc

Bhí m'áitreabh folamh ar feadh roinnt míonna, an gá dom íoc go fóill?
Is gá. Tá Rátaí Tráchtála le híoc fiú má bhíonn áitreabh folamh. D'fhéadfadh an t-úinéir a bheith incháilithe le haghaidh aisíocaíocht rátaí i gcásanna áirithe (féach thíos). Tabhair aird ar cheanglais alt 32, an tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014, a éilíonn ar úinéir réadmhaoine Comhairle Contae Chorcaí a chur ar an eolas maidir le haistriú réadmhaoine/le haistriú leasa i réadmhaoin freisin

 

Conas a bheidh mé incháilithe le haghaidh Aisíocaíocht Rátaí?
Go hiondúil, seo a leanas na príomhchritéir le haghaidh aisíocaíocht rátaí/faoiseamh folúis:

Caithfidh an réadmhaoin a bheith gan áitiú ar an dáta a nGearrtar an Ráta Contae AGUS caithfidh an ráta don bhliain a íoc ina iomláine

AGUS

Caithfidh an réadmhaoin a bheith gan áitiú ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:
- tá síntí, athruithe nó deisiúcháin (lean n-áirítear scartáil agus atógáil) á ndéanamh 
- níl an t-úinéir in ann tionónta a fháil ar cíos réasúnta, i ndáiríre

Tabhair faoi deara, is é nó is í an 'duine' atá i dteideal áitithe ar an dáta a nGearrtar an Ráta an t-aon 'duine' amháin atá in ann iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht.

Conas a dhéanaim iarratas ar Aisíocaíocht Rátaí?

Ar an gcoinníoll go gcomhlíonann tú na critéir thuas, ba cheart duit an fhoirm iarratais ábhartha ar aisíocaíocht a chomhlánú agus an fhoirm chomhlánaithe a chur ar aghaidh chuig Rannóg na Rátaí, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 6, Halla an Chontae, Corcaigh. 

Ba cheart duit gach doiciméad ábhartha chun tacú le d'iarratas a sheoladh freisin. 

Ar na doiciméid sin de ghnáth, tá:

  • Deimhniú Ceantálaí, cóip de bhróisiúr nó d'fhógra ligin agus fógra nuachtáin/suíomh gréasáin a léiríonn go bhfuil aisíocaíocht á héileamh agat toisc nach féidir tionónta a aimsiú, 
  • Cóipeanna do shonraisc chonraitheora, Deimhniú innealtóra tionscadail etc. má éilítear aisíocaíocht mar gheall go bhfuil athchóiriú á dhéanamh ar an réadmhaoin nó mar gheall go bhfuil sí faoi réir oibreacha feabhsaithe.

Ní foláir duit ráiteas faoi mhionn maidir leis an bhfolús a dhéanamh i láthair duine de na daoine seo a leanas:

  • Coimisinéir Mionnaí,
  • Feidhmeannach Síochána
  • Dlíodóir atá ag Cleachtadh

Féadfar aisíocaíocht a éileamh i leith gach míosa foilmhe iomláine má chomhlíontar na critéir incháilitheacha. 

Is gnách go bpléifear iarratas tar éis deireadh na bliana 

Séanadh: Treoir amháin atá san fhaisnéis a chuirtear ar fáil thuas, agus níl sí beartaithe mar léirmhíniú críochnúil dlíthiúil ar an reachtaíocht rialaitheach ábhartha.