Athrú Úinéara/Áititheora - ceanglais alt 32
Céard iad príomhphointí na reachtaíochta nua?
Go hachomair, déanann Alt 32 foráil i leith na rudaí seo a leanas:
- dualgas ar úinéir/dhíoltóir réadmhaoine inrátaithe an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas, laistigh de 2 sheachtain, nuair a athraítear an duine atá faoi dhliteanas i leith na rátaí
- pionóis as neamhchomhlíonadh an dualgais sin
- dualgas ar an úinéir/díoltóir agus ar an áititheoir íoc as aon rátaí gan íoc, a bhfuil seisean nó sise faoi dhliteanas ina leith, roimh an aistriú/sannadh,
- cuirtear rátaí agus pionóis gan íoc de réir an ailt seo atá ar úinéir/díoltóir mar mhuirear ar an réadmhaoin
Féach na ceisteanna seo a leanas maidir le treoir níos mionsonraithe ar cheanglais na reachtaíochta thuas
Céard iad na hoibleagáidí ar úinéirí de réir Alt 32 den Acht?
(i) Tá ar úinéir Comhairle Contae Chorcaí a chur ar an eolas nuair a athraítear an duine atá faoi dhliteanas i leith na rátaí ar a réadmhaoin de ghnáth, i.e. nuair a athraítear an úinéireacht, nuair a athraítear an tionóntacht/an t-áititheoir nó nuair a fhágann tionónta/áititheoir agus nach bhfaightear ceann nua láithreach.
(ii) I gcás go bhfuil an réadmhaoin á díol ag an úinéir, tá sé de dhualgas air nó uirthi íoc as gach ráta a bhfuil seisean nó sise faoi dhliteanas ina leith ar dháta aistrithe na réadmhaoine.
Céard iad na hoibleagáidí nua ar thionóntaí/áititheoirí de réir Alt 32 den Acht?
Tá ar thionóntaí/áititheoirí atá ag fágáil íoc as gach ráta a bhfuil siad faoi dhliteanas ina leith roimh dháta aistrithe na réadmhaoine/fágála an áitribh, nó ar an dáta sin.
Céard iad na cúinsí ina mbíonn oibleagáid ann Comhairle Contae Chorcaí a chur ar an eolas?
I gcás go bhfuil an réadmhaoin á aistriú ó dhuine go dhuine agus bheadh athrú ar an duine atá faoi dhliteanas i leith rátaí mar thoradh ar an athrú sin, i.e. athrú úinéireachta; nó athrú tionóntachta nó áititheora, lena n-áitítear nuair a fhágann tionónta/áititheoir réadmhaoin agus bíonn an réadmhaoin folamh dá bharr sin.
An mbíonn oibleagáid ann an Chomhairle a chur ar an eolas má dhíoltar réadmhaoin gan an tionóntacht/áititheoir a athrú?
Ní bhíonn, má athraítear úinéireacht réadmhaoine ó dhuine go dhuine gan an tionónta nó an t-áititheoir a athrú, ní gá Comhairle Contae Chorcaí a chur ar an eolas.
An mbíonn oibleagáid ann an Chomhairle a chur ar an eolas má fhágann tionónta/áititheoir agus má bhíonn an réadmhaoin folamh dá bharr sin?
Bíonn, tá ceangal ort Comhairle Contae Chorcaí a chur ar an eolas maidir leis an athrú sin mar ní bheidh an tionónta/áititheoir atá ag fágáil faoi dhliteanas i leith na rátaí ar an réadmhaoin a thuilleadh. Caithfear Comhairle Contae Chorcaí a chur ar an eolas maidir leis an tionónta/áititheoir nua, más ann dó, mar beidh an tionónta/áititheoir nua faoi dhliteanas i leith rátaí i ndiaidh an dáta aistrithe.
An mbíonn oibleagáid ann an Chomhairle a chur ar an eolas má thagann réadmhaoin fholamh chun bheith á háitiú (i.e. léasaithe/ligthe ar cíos)?
Bíonn, tá ar úinéir na réadmhaoine an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas mar beidh an tionónta/áititheoir nua faoi dhliteanas i leith rátaí ar an réadmhaoin don tréimhse a mbeidh an réadmhaoin á háitiú aige nó aici.
Cathain a thagann dualgas an úinéir Comhairle Contae Chorcaí a chur ar an eolas chun cinn?
Éilíonn Alt 32 go gcuireann an t-úinéir Comhairle Contae Chorcaí ar an eolas tráth nach déanaí ná dhá sheachtain i ndiaidh an dáta aistrithe. Aistrítear an t-úinéireacht nuair a chuirtear an díolachán i gcrích. I gcás aistriú tionóntachta agus leasanna eile, is gnách go gcinntear sin ar dháta a shonraítear sa léas/chonradh.
Conas a chomhlíonann an t-úinéir a oibleagáid nó a hoibleagáid? Cén faisnéis atá ar an úinéir a chur ar fáil do Chomhairle Contae Chorcaí?
Tá ar úinéirí Comhairle Contae Chorcaí a chur ar an eolas maidir le sonraí an aistrithe agus sonraí an áititheoirí atá ag fágáil agus an áititheoirí ata ag teacht isteach. Tá an fhoirm ábhartha ar fáil le híoslódáil anseo.
An gá don úinéir Comhairle Contae Chorcaí a chur ar an eolas maidir le haistriú réadmhaoine nó an féidir le dlíodóir í a chur ar an eolas thar ceann an úinéara?
Foráiltear i bhFo-alt 2(a) d'Alt 32 gur féidir leis an úinéir/díoltóir féin no duine atá údaraithe i scríbhinn ag an úinéir/díoltóir gníomhú thar a cheann an fógra a thabhairt.
Cad a tharlóidh mura gcuirtear Comhairle Contae Chorcaí ar an eolas faoi aistriú?
Mura gcuireann an t-úinéir Comhairle Contae Chorcaí ar an eolas, i scríbhinn, maidir le haistriú nó le haistriú leasa i réadmhaoin laistigh de 2 sheachtain ón dáta aistrithe, d'fhéadfadh sé nó sí a bheith faoi réir táille phionóis is comhionann leis na rátaí gan íoc ag an áititheoir roimhe sin suas le huasmhéid de 2 bhliain de dhliteanais rátaí. Fanfaidh aon táille den chineál sin nach n-íocfaidh an t-úinéir mar mhuirear ar an réadmhaoin.
Cad a tharlóidh mura n-íocfaidh an t-úinéir cibé rátaí gan íoc a bhfuil seisean nó sise faoi dhliteanas ina leith ar an dáta aistrithe?
Fanfaidh aon ráta atá le híoc ag úinéir na réadmhaoine ar an dáta aistrithe agus nach n-íoctar mar mhuirear ar an réadmhaoin.
Cathain a chinnfear go ngearrfar an táille phionóis is comhionann?
Caithfear Comhairle Contae Chorcaí a chur ar an eolas tráth nach déanaí ná dhá sheachtain tar éis an dáta aistrithe, dá bhrí sin, gearrfar an táille phionóis tar éis na 14 lá, i.e. ar an 15ú lá tar éis an aistrithe.
Má thagann sé ar aird Chomhairle Contae Chorcaí tar éis an 15ú lá nach bhfuil a oibleagáid nó a hoibleagáid comhlíonta ag an úinéir, gearrfar an táille phionóis.
Má íoctar na rátaí gan íoc ina dhiaidh sin, tar éis go ngearrfar an táille phionóis, an mbíonn tionchair aige sin ar an táille phionóis?
Ní bhíonn, ní bhíonn tionchar ar an táille phionóis má íoctar na rátaí gan íoc ina dhiaidh sin agus tá an táille phionóis fós le híoc fiú má íoctar na rátaí gan íoc.
An ngearrfar pionós freisin i gcásanna inarbh ionann an úinéir agus an áititheoir roimhe sin?
Gearrfar, ní mór don úinéir, beag beann ar an raibh sé/sí ag áitiú na maoine, Comhairle Contae Chorcaí a chur ar an eolas maidir leis an aistriú úinéireachta nó má tá tionónta nó áititheoir nua ag teacht chun a áit nó a háit a thógáil mar áititheoir. Mura gcuireann an t-úinéir Comhairle Contae Chorcaí ar an eolas agus mura n-íocann sé nó sí as na rátaí gan íoc, beidh sé nó sí faoi dhliteanas i leith na táille pionóis anuas ar aon dhliteanas eile a bhaineann lena áitiú nó lena háitiú roimhe sin. Fanfaidh na rátaí gan íoc ag úinéir ar aistriú agus an táille phionóis araon mar mhuirear ar an réadmhaoin mura n-íoctar iad.
An gcuirtear riaráiste áititheora roimhe sin mar mhuirear ar an réadmhaoin?
Ní chuirtear, ní chuirtear an dliteanas i leith rátaí gan íoc ag áititheoir roimhe sin mar mhuirear ar an réadmhaoin seachas más ionann an t-áititheoir sin agus úinéir na réadmhaoine.
Séanadh: Treoir amháin atá san fhaisnéis a chuirtear ar fáil thuas, agus níl sí beartaithe mar léirmhíniú críochnúil dlíthiúil ar an reachtaíocht rialaitheach ábhartha.