Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Rátaí - Cé atá faoi dhliteanas, cén uair atá siad iníoctha agus conas a ríomhtar iad?

Cé atá Faoi Dhliteanas Rátaí a Íoc?

An duine nó an chuideachta atá ag áitiú réadmhaoine tráchtála nó tionscail ar an dáta ar a ngearrtar an ráta atá faoi dhliteanas go príomhúil i leith ráta iomlán na bliana sin.

I gcásanna ina bhfuil an réadmhaoin folamh ar an dáta a ngearrtar an ráta, is é nó is í an duine nó an chuideachta atá i dteideal na réadmhaoine a áitiú ar an dáta sin (i.e. an léas-sealbhóir nó, mura bhfuil léas ann, an t-úinéir) atá faoi dhliteanas.

Cén uair atá an Ráta Iníoctha?

Tá Rátaí Tráchtála iníoctha ina dá leath.  Tá an chéad chuid le híoc a luaithe agus a eisítear an bille rátaí (deireadh mhí Feabhra/tús mhí an Mhárta, de ghnáth) agus tá an dara chuid le híoc ar an 1 Iúil.

Más mian le híocóir rátaí a rátaí a íoc ina dtráthchodanna le linn bhliain na rátaí e.g. go seachtainiúil, go míosúil etc. freastalóidh an Oifig Bhailithe ar phlean íocaíochta tráthchodanna.

Conas a ríomhtar Bille Rátaí?

Ríomhtar bille rátaí tríd an Luacháil Inrátaithe a iolrú faoin Ráta Bliantúil ar an Luacháil (RBL).

•    An Coimisinéir Luachála (nó ar achomharc a dhéanamh os comhair an Bhinse Luachála, an Ard-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach) a chinneann an Luacháil Inrátaithe.
•    Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Chorcaí (i.e. Comhairleoirí) a shocraíonn an Ráta Bliantúil ar an Luacháil (i.e. Councillors) ag Cruinniú an Bhuiséid.

Toradh an dá ghné sin a chinneann bille rátaí.*
 

Sampla de na rátaí iníoctha ar réadmhaoin ag a bhfuil Luacháil €10.00:

(a) Luacháil Inrátaithe

€10.00

(b) Ráta Bliantúil ar an Luacháil (RBL)

76.99*

(c) Rátaí Iníoctha (a) x (b)

€10 x 76.99 = €769.90

* Is é an ARV a úsáidtear thuas ná ARV aonfhoirmeach Chomhairle Contae Chorcaí in 2022. Tá feidhm ag an ARV maidir le gach áitreabh tráchtála ar fud an Chontae, lena n-áirítear iad siúd atá lonnaithe i seanlimistéir na Comhairle Baile, Cloich na Coillte, an Cóbh, Mainistir Fhear Maí, Cionn tSáile, Maigh Chromtha, Mala, Mainistir na Corann, An Sciobairín agus Eochaill.

Séanadh: Treoir amháin atá san fhaisnéis a chuirtear ar fáil thuas, agus níl sí beartaithe mar léirmhíniú críochnúil dlíthiúil ar an reachtaíocht rialaitheach ábhartha.