Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Tobhach Réadmhaoine

Céard é an Tobhach Réadmhaoine?

Is muirear ar réadmhaoin tráchtála nár luacháladh ach le déanaí agus a iontráladh ar an Leabhar Rátaí don chéad uair é an tobhach réadmhaoine. An tAcht Rialtais Áitiúil (Ceantair Feabhsúcháin Gnó), 2006 a thug isteach an Tobhach Réadmhaoine

Conas a ríomhtar an muirear?

Tá an ríomh cosúil leis an ríomh do na Rátaí Tráchtála agus ní ghearrfar an tobhach ach ó dháta an Luachála go deireadh na bliana. Mar sin de, más é an 1 Bealtaine dáta Luachála foirgnimh nua, cuirtear an tobhach i bhfeidhm ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Nollaig.

Sampla:

Luacháil Inrátaithe

€100.00

Dáta Éifeachta luachála

1 Bealtaine 2022

Líon laethanta go dtí an 31 Nollaig 2021

245

Ráta ar an Luacháil do 2021 (RBL)

76.99

Ríomh Tobhaigh:

L.I.

R.B.L.

Líon na Laethanta

Measúnú

€100.00 x

76.99 x

245 ÷ 365

= €5,167.82

Céard a tharlóidh má athraítear an Luacháil Inrátaithe ar achomharc a dhéanamh? 

Ní mór an bille a íoc ar bhonn an mheasúnaithe bhunaidh. Mar sin féin, má athraítear an Luacháil Inrátaithe ar achomharc a dhéanamh, coigeartófar an tobhach dá réir. Aisíocfar ró-íocaíochtaí a rinneadh dá réir sin nó iarrfar íocaíochtaí breise, de réir mar is cuí. 

Cé atá faoi dhliteanas i leith an mhuirir?

An t-áititheoir atá faoi dhliteanas an tobhach a íoc. An t-úinéir atá faoi dhliteanas má tá an réadmhaoin folamh. 

Má tá an réadmhaoin folamh, an bhfuil an muirear le híoc?

Tá, ach laghdaítear an tobhach faoi 50% má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas,

a)      Bhí an réadmhaoin gan áitiú nuair a rinneadh an luacháil inrátaithe a mheas, agus,

b)        Níl duine ar bith seachas an t-úinéir i dteideal í a áitiú, agus,

c)        Bhí fíoriarrachtaí á ndéanamh ag an úinéir an réadmhaoin a ligean ar cíos.

Má chomhlíontar na trí choinníoll, ba chart don úinéir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Bhailithe láithreach nuair a fhaightear bille tobhaigh - tá sonraí teagmhála thíos.

Cathain a bheidh an tobhach le híoc?
Ba cheart an tobhach a íoc ina iomláine laistigh de 21 lá tar éis go n-eisíonn Comhairle Contae Chorcaí bille.

An bhfuil an tobhach agus an Ráta Tráchtála le híoc?

Ní ghearrfar Rátaí Tráchtála agus an Tobhach ar aon réadmhaoin ar leithligh le linn na tréimhse céanna. 

Beidh feidhm ag an tobhach ó dháta éifeachta luachála na réadmhaoine go dtí deireadh na bliana sin.  I bhformhór na gcásanna, gearrfar an ráta tráchtála ó thús na bliana dar gcionn.  I gcásanna eisceachtúla, áfach, d'fhéadfaí an tobhach a ghearradh an bhliain dar gcionn in áit an Ráta.

An féidir liom mo thobhach a íoc go leictreonach/le Ríomhaistriú Airgid (RAA)?

Is féidir, is féidir leat do thobhach a íoc go leictreonach/le Ríomhaistriú Airgid. Seo a leanas sonraí Chuntas Bainc Chomhairle Contae Chorcaí le haghaidh íocaíochtaí tobhach:

Ainm an Chuntais

Comhairle Contae Chorcaí

Banc

Banc AIB, 66 An Meal Theas, Corcaigh

Cód Sórtála an Bhainc

93 41 78

Uimhir Chuntas Bainc.

80919018

Uimh. IBAN 

IE27  AIBK  934178 80919018

BIC

AIBKIE2D

**Tá an Cuntas Bainc thuas le haghaidh íocaíochtaí Tobhach amháin. Ní féidir é a úsáid le haghaidh aon íocaíocht Rátaí le Comhairle Contae Chorcaí**

Agus tú ag íoc le ríomhaistriú ní mór duit d'íocaíocht a mharcáil le huimhir (nó le huimhreacha) an chuntais tobhaigh.  De ghnáth, cuirfidh tú é sin isteach mar ‘Tagairt’ le bheith le feiceáil ar Ráiteas Bainc Chomhairle Contae Chorcaí agus ar do Ráiteas Bainc féin. Tá Uimh. do Chuntais Tobhaigh ar fáil ar do Bhille Tobhaigh i bhfoirm 7 dhigit á leanúint ag na litreacha LV á leanúint ag 2 dhigit e.g. 6723456LV99

NB: Mura dtabharfar uimhir iomlán cruinn an chuntais tobhaigh, d'fheadfadh moill a bheith ann le híocaíocht a chur do shochar do chuntais tobhaigh.

Ba cheart duillín íocaíochta a sheoladh chuig an mBailitheoir Rátaí, Comhairle Contae Chorcaí, Oifig Bhailithe, Urlar 6, Halla an Chontae, Corcaigh nó ar ríomhphost chuig collection@corkcoco.ie

Níl rochtain agam ar íocaíochtaí RAA, an féidir liom mó thobhach a íoc ar bhealaí eile?

Mura bhfuil an tobhach á íoc agat le RAA, is féidir leat é a íoc trí cheann de na modhanna íocaíochta seo a leanas a úsáid:
• Cárta Creidmheasa/Dochair - tá áis íoc ar ghuthán ar fáil ar 021 4285514, 9am go 4.30pm, Luan go hAoine
• Buanordú (Cliceáil anseo le haghaidh foirm Bhuanordaithe)
• Ar an láthair ag Oifig na nÍocaíochtaí, Bunurlár, Halla an Chontae, Corcaigh (taobh thiar den Lasc-chlár/Deasc Fáiltithe)

Cibé modh íocaíochta a úsáidtear, ní mór uimhir iomlán (nó uimhreacha iomlána) an chuntais tobhaigh a thabhairt. Tá Uimh. do Chuntais Tobhaigh ar fáil ar do Bhille Tobhaigh i bhfoirm 7 dhigit á leanúint ag na litreacha LV á leanúint ag 2 dhigit e.g. 6723456LV99

NB: Mura dtabharfar uimhir iomlán cruinn an chuntais tobhaigh, d'fheadfadh moill a bheith ann le híocaíocht a chur do shochar do chuntais tobhaigh.

Séanadh: Treoir amháin atá san fhaisnéis a chuirtear ar fáil thuas, agus níl sí beartaithe mar léirmhíniú críochnúil dlíthiúil ar an reachtaíocht rialaitheach ábhartha.