LIFE_Declan_Burke_full.jpgLIFE_Declan_Burke_full.jpgDenyse Woods1.jpgcropped-Conor-Power-Head-Shot-1.jpg

Ceithre Cheardlann Scríbhneoireachta Ar Líne á reáchtáil ag Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí 

Tá Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí bródúil as sraith ceardlann scríbhneoireachta ar líne saor in aisce a chur i láthair, atá deartha chun tacú le scríbhneoireacht chruthaitheach ar fud an chontae agus an gá atá le scaradh sóisialta ag an am seo á urramú. Tabharfaidh ceithre chúrsa nua ar líne réamhrá do na scileanna agus na teicnící a úsáidtear sna foirmeacha seo dóibh siúd a bhfuil spéis leo i seánraí filíochta, scríbhneoireachta taistil, ficsin agus scríbhneoireachta coireachta. Féach ar na naisc thíos le haghaidh treoirlínte agus foirmeacha iarratais:

Treoirlínte agus Foirm Iarratais don Cheardlann Scríbhneoireachta Taistil le Conor Power

Treoirlínte agus Foirm Iarratais don Cheardlann Scríbhneoireachta  Coireachta Intinne Coiriúil 

Treoirlínte agus Foirm Iarratais don Cheardlann Scríbhneoireachta Ficsean

Treoirlínte agus Foirm Iarratais don Cheardlann Fhilíochta 'The Real Thing'.

 

 

Library Headquaters Gallery Space

Tá áthas ar Seirbhísí Ealaíne agus na leabharlainne Chomhairle Contae Chorcaí Glao Oscailte a chur amach i gcóir an spáis taispeántais don tréimhse.

Tá tograí a lorg againn ó  ealaíontóirí nó comhchoistí atá ag obair in Éirinn. Beidh na taispeántais teoranta de mhí amháin do gach ealaíontóir/comhchoiste. is deis iontach é seo duit chun d'obair a thaispeáint, le rogha duit chun é a chur ar dhíol. Níl aon táille don ealaíontóir chun obair a thaispeáint anseo. le haghaidh tuilleadh eolais déan cliceáil ar an nasc thíosluaite

LHQ Tuilleadh Eolas faoin Ghlao Oscailte