Titiocht

Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC)

Is ionann an Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC) agus tacaíocht i leith tithíocht shóisialta a tugadh isteach chun riachtanais chóiríochta dhaoine a bhfuil forlíonadh cíosa á fháil acu le fada a chomhlíonadh.
De ghnáth, ní mór go mbeadh forlíonadh cíosa á fháil ag na daoine sin le 18 mí anuas ar a laghad agus go measfaí go bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu.
Faoin scéim SCC, meastar gur chóiríocht cíosa atá ar dheachaighdeán réadmhaoin príobháideach atá ar fáil ar cíos do dhaoine incháilithe.

  • Is scéim ar bhonn náisiúnta í an Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC) do dhaoine a bhfuil forlíonadh cíosa á fháil acu le 18 mí nó níos mó agus a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu
  • Faoin scéim SCC, déanann an Chomhairle socruithe conartha le tiarnaí talún chun a chinntiú go mbeidh cóiríocht phríobháideach ar cíos ar fáil sa mheántéarma agus go fadtéarmach
  • Íocann an Chomhairle an cíos míosúil comhaontaithe leis an Tiarna Talún thar ceann an tionónta
  • Íocann an tionónta cíos seachtainiúil ar bhonn ioncaim leis an gComhairle
  • Ní mór don tiarna talún riachtanais a chomhlíonadh maidir le comhlíontacht cánach, clárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (TCP), deimhniú Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (RFF) a chur ar fáil don réadmhaoin agus ní mór don réadmhaoin na híoschaighdeáin do chóiríocht phríobháideach ar cíos a chomhlíonadh de réir mar a chinnfidh an Chomhairle tar éis iniúchadh a dhéanamh

Sonraí Teagmhála: Aonad SCC, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh.
Teil: 021 4285347; 021 4285810; chun teagmháil a dhéanamh leis an rannóg RAS amháin nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne.