Titiocht

Ceannach ag Tionóntaí (Scéim Cheannaigh Incrimintigh)

Ní mór duit a bheith i do thionónta de réadmhaoin de chuid Údarás Áitiúil atá ar fáil le ceannach agus a bheith ag fáil tacaíochta i leith tithíocht shóisialta ar feadh tréimhse bliana ar a laghad agus ioncam íosta ináirithe (ioncam ó gach foinse) de €11,000 a bheith agat.

Má thuilleann tú €11,000 - €20,000  Lascaine 60% Tréimhse an Mhuirir 30 bliain
Má thuilleann tú €20,001 - €29,999  Lascaine 50% Tréimhse an Mhuirir 25 bliana
Má thuilleann tú €30,000+  Lascaine 40% Tréimhse an Mhuirir 20 bliain

Faoin scéim, déanann tionónta de chuid Chomhairle Contae Chorcaí íocaíocht leis an údarás ag praghas laghdaithe de réir a (h)ioncam chun an teach a cheannach ag an luach margaidh comhaontaithe agus tar éis chur i gcrích an díolacháin, agus gearrann Comhairle Contae Chorcaí muirear ceannaigh incrimintigh ar an teach atá ar chomhéid leis an lascaine a tugadh (m.sh. 40%/50%/60%). Rachaidh an muirear ceannaigh incrimintigh i léig go hiomlán thar an tréimhse mhuireartha de réir scaoileadh incriminteach bliantúil 2%, ar chuntar go gcomhlíonann an ceannaitheoir téarmaí agus coinníollacha an ordaithe um aistriú. Ní chuirfear i bhfeidhm an scaoileadh incriminteach don chéad cúig bliana áitíochta go dtí go rachaidh an tréimhse sin in éag.

  • Ní mór go raibh tú féin nó do chomhthionónta ag fáil tacaíochta i leith tithíocht shóisialta ar feadh tréimhse bliana ar a laghad ar an dáta a dhéantar an t-iarratas ar cheannach
  • Caithfidh ioncam bliantúil íosta ináirithe €11,000 in aghaidh na bliana a bheith agat
  • Ní mór go mbeadh tú suas chun dáta le d'íocaíochtaí cíosa – ní féidir teach a dhíol le tionónta a bhí, sna 3 bliana roimh iarratas a dhéanamh ar cheannach, chun deiridh le Cíos, ranníocaíochtaí Cíosa, Muirir, Táillí ná aon mhuirear eile atá dlite d'Údarás Tithíochta nó do Chomhlacht Ceadaithe Tithíochta ar feadh tréimhse charnach de níos mó ná 12 sheachtain i dtaobh áit chónaithe nó suíomh a cuireadh ar fáil mar thacaíocht i leith tithíocht shóisialta. Má tá socruithe athsceidealaithe déanta agat le Comhairle Contae Chorcaí, níl an dícháiliú seo infheidhme – Ar chuntar go bhfuil tú ag cloí i gcónaí leis na socruithe sin
  • Níor cheart go mbeadh teach ceannaithe agat cheana féin ó Údarás Tithíochta faoi Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí a bhí ann roimhe seo
  • Féadfaidh Comhairle Contae Chorcaí diúltú teach a dhíol le tionónta más rud é go bhfuil nó go raibh an tionónta nó aon bhall dá theaghlach i mbun iompraíochta frithshóisialta nó ar mhaithe le dea-bhainistiú eastáit

Sonraí Teagmhála: Ceannach ag Tionóntaí (Scéim Cheannaigh Incrimintigh), Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh.
Teil: (021) 4285585, Seoladh ríomhphoist: TPS2016@corkcoco.ie nó bain úsáid as ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne.