Titiocht

Conas a dhíolaim mo theach leis an gComhairle?

Is cuid lárnach d'aonaid bhreise tithíocht sóisialta a chur ar fáil é maoine athláimhe a fháil ag Comhairle Contae Chorcaí, go gearrthéarmach agus go meántéarmach go háirithe.  Cuireann an Chomhairle roinnt cúinsí san áireamh sula gcinneann sí ar mhaoin a cheannach, .i. riachtanas tithíochta, praghas na maoine, meascán tionachta san eastát nó i ngar don mhaoin.  De ghnáth, ní thabharfaidh Comhairle Contae Chorcaí faoi mhaoin a fháil ach má chuirtear ar díol í don ghnáthphobal trí cheantálaí nó ghníomhaire.  

Beidh na sonraí seo a leanas de dhíth chun oiriúnacht maoine le haghaidh tithíocht shóisialta a mheas:

  • Cineál Maoine (scoite/leathsraithe)
  • Méid
  • Suíomh Beacht (éirchód)
  • Grianghraif
  • Rátáil RFF
  • Ainm agus uimhir teagmhála an cheantálaí atá ag plé leis an díolachán.
  • Bliain ar tógadh í.
  • Uimhir thagartha pleanála (má tá sí ar fáil)
  • Méid an Láithreáin
  • Aon eolas ábhartha eile.
  • Praghas Díola

Sonraí Teagmhála: Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh.

Teil(021) 4285558 

Seoladh ríomhphoisthousing@corkcoco.ie.