Titiocht

Nuashonruithe ar Sheirbhís Tithíochta Covid-19

Nuashonrú Seirbhíse Covid-19

Is féidir teacht ar níos mó ná 120 seirbhís de chuid na Comhairle, lena n-áirítear saincheisteanna Tithíochta ar líne ag yourcouncil.ie, agus leanfar ag freagairt ceisteanna ar an nguthán, tríd an bpost agus ar r-phost, féach thíos an nasc le haghaidh liosta sonraí teagmhála.

Leanfaidh Comhairle Contae Chorcaí ag soláthar seirbhísí do Dhaoine gan Dídean, Taistealaithe agus Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP). Beidh seirbhísí Tithíochta eile cosúil le cothabháil, iarratais / leithdháiltí, An Scéim Cóiríochta Cíosa (RAS) / Léasú, agus freagairt ar glaonna amach ar fáil i gcásanna éigeandála amháin

Le haghaidh liosta cuimsitheach do na sonraí teagmhála le húsáid le linn éigeandála Covid-19, dein cliceáil ar an nasc leis an doiciméad seo a leanas: Seirbhísí Tithíochta Chomhairle Contae Chorcaí le linn COVID-19 - Faisnéis don Phobal i gcoitinne (pdf).

Nuashonrú breise ar Sheirbhís Covid-19 (14/04/20)

D’fhógair an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil scéim um shos morgáiste chun cabhrú le hiasachtaithe údaráis áitiúla a bhfuil anás airgeadais orthu a bhaineann le Covid-19.

Is féidir liosta de na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an scéim a íoslódáil ar an nasc seo a leanas:  Ceisteanna Coitianta maidir le Sos Íocaíochta Morgáiste Iasachta Baile Údaráis Áitiúil (pdf).

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar shos morgáiste, is féidir na foirmeacha iarratais a íoslódáil ar na naisc seo a leanas:

Sos Tosaigh Íocaíochta Morgáiste - Foirm Iarratais (pdf)

Sos Íocaíochta Morgáiste Breise - Foirm Iarratais (pdf)

3ú - Sos Íocaíochta Morgáiste Breise - Foirm Iarratais (pdf)

4ú - Sos Íocaíochta Morgáiste Breise - Foirm Iarratais (pdf)