Comhshaol

Monatóireacht ar Aer Comhthimpeallach

Tagraíonn Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh do cháilíocht an aeir sa Timpeallacht mórthimpeall. 

Leagann treoracha an Aontais Eorpaigh amach caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir in Éirinn agus sna ballstáit eile maidir le roinnt truailleán. 

Foilsíodh an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh agus maidir le hAer níos Glaine don Eoraip (CAFE) (2008/50/CE) in 2008, agus tháinig sé in ionad na Treorach Creata, agus na chéad Treorach agus an dara agus an tríú Treoir ar leith. 

Tá an Treoir (2008/50/CE) trasuite ina dhiaidh sin i reachtaíocht na hÉirinn i bhfoirm na Rialacháin um Chaighdeáin Aercháilíochta, 2011. Tagann sé in ionad na Rialacháin um Chaighdeáin Aercháilíochta, 2002 (I.R. Uimh 271 de 2002), na Rialacháin um Ózón san Aer Comhthimpeallach, 2004 (I.R. Uimh. 53 de 2004) agus I.R. Uimh. 33 de 1999. 

Trasuíodh an cheathrú Treoir ar leith i nDlí na hÉireann leis na Rialacháin um Arsanaic, Caidmiam, Mearcair, Nicil agus Hidreacarbóin Aramatacha Iltimthriallacha san Aer Comhthimpeallach, 2009

Bainistíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil an líonra um monatóireacht ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis sin ar fáil ar www.epa.ie