Cork County Cruinniú na nÓg Programme Announced

Cork County Cruinniú na nÓg Programme Announced

Cork County Council Library and Arts Service has announced the 2023 Cruinniú na nÓg programme, with almost 40 events planned across Cork County. Cruinniú na nÓg is a day of free creativity for children and young people taking place this year on Saturday, June 10th.

A wide range of activities including storytelling, songwriting, and spinning plates will take place across the county from Sherkin Island to Ballynan Woods. Events will be held in Libraries, GAA Clubs, Schools of Art, and Arts Centres in Carrigaline, Cobh, Clonakilty, Passage West, Bandon, Dunmanway, Farran, Fermoy, Kanturk, Killeagh, Macroom, Mallow, Midleton, Mitchelstown, Millstreet, Newmarket, Passage West, Schull, Skibbereen and Youghal. All events are family centred and are suitable for a range of ages, from birth to 18 years old.

In Carrigaline, a disability-inclusive disco at Carrigaline GAA Club will offer a night of music, dancing, and disco fever. Young people with disabilities aged between 12 and 17, and their important adults, are invited to come along to hang with friends, bop to great tunes, and party the night away. 

Whether it’s superheroes, or telling a story, comic making workshops at Kanturk Library will guide young people on the basics of designing characters, coming up with ideas, and putting pen to paper to make comics. There are two workshops, group one for 9-12 year olds from 10am to 11am and group two for 13 to 18 year olds between 11.30am and 12.30pm. 

In the lead up to Cruinniú na nÓg, a series of song writing workshops will take place in Skibbereen Library. The workshops encourage participants to reconnect with nature through the joy of music and percussion. Participants will write songs using voice, guitar, violin, and a huge variety of percussion instruments from djembes to bodhrans. Suitable for 13 to 18 year olds, the workshop takes place from 1.45pm to 2.45pm on Wednesday 24th May, 31st May and 7th June. A special event on June 10th at O'Donovan Rossa Park will see participants perform the songs that they have written for family and friends.Mayor of the County of Cork, Cllr. Danny Collins said,

Following the success of previous years, we are really looking forward to this year’s Cruinniú na nÓg events, which are taking place right across Cork County. We are delighted to see an increase in the number of events, organisations and participants this year and look forward to celebrating the creativity of our children and young people.

 

Cruinniú na nÓg is a flagship initiative of the Creative Ireland Programme’s Creative Youth Plan to enable the creative potential of children and young people. Full details on the programme can be found on creativeireland.gov.ie For further information on events in Cork County, contact creativeireland@corkcoco.ie


Clár le haghaidh Chruinniú na nÓg i gContae Chorcaí fógartha

 

Tá clár 2023 le haghaidh Chruinniú na nÓg fógartha ag Leabharlann agus Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí, agus tá beagnach 40 imeacht pleanáilte ar fud Chontae Chorcaí. Is lá cruthaitheachta saor in aisce é Cruinniú na nÓg do pháistí agus do dhaoine óga a bheidh ar siúl i mbliana Dé Sathairn, an 10 Meitheamh.

Beidh réimse leathan gníomhaíochtaí, lena n-áirítear scéalaíocht, scríobh amhrán, agus plátaí sníomh, ar siúl ar fud an chontae ó Inis Arcáin go Coill Bhaile Uí Ainnín. Beidh imeachtaí ar siúl i Leabharlanna, Clubanna CLG, Scoileanna Ealaíne, agus Ionaid Ealaíon i gCarraig Uí Leighin, Cóbh, Cloch na Coillte, An Pasáiste, Droichead na Bandan, Dún Mánmhaí, An Fearann, Mainistir Fhear Maí, Ceann Toirc, Cill Ia, Maigh Chromtha, Mala, Mainistir na Corann, Baile an Mhistéalaigh, Sráid an Mhuilinn, Áth Trasna, An Pasáiste, An Scoil, An Sciobairín agus Eochaill. Tá na himeachtaí go léir dírithe ar an teaghlach agus tá siad oiriúnach d’aoiseanna éagsúla, ó bhreith go 18 mbliana d’aois.

I gCarraig Uí Leighin, beidh dioscó do dhaoine faoi mhíchumas ar siúl ag Club CLG Charraig Uí Leighin ina mbeidh oíche lán de cheoil agus de dhamhsa. Tugtar cuireadh do dhaoine óga faoi mhíchumas atá idir 12 agus 17 mbliana d’aois, agus dá ndaoine fásta tábhachtacha, teacht in éineacht le cairde, damhsa a dhéanamh i dtiúin leis an gceol, agus an-oíche spraíúil a chaitheamh le chéile. 

Is cuma más spéis leat na sárlaochra nó an scéalaíocht, sna ceardlanna greannáin ag Leabharlann Cheann Toirc tabharfar treoir do dhaoine óga ar na rudaí is bunúsaí maidir le carachtair a dhearadh, smaointe a chumadh, agus peann a chur le pár chun greannáin a dhéanamh. Tá dhá cheardlann ann, grúpa a haon do dhaoine idir 9-12 bliana d’aois ó 10am go 11am agus grúpa a dó do dhaoine idir 13 agus 18 mbliana d’aois idir 11.30am agus 12.30pm. 

Sna seachtainí roimh Chruinniú na nÓg, beidh sraith ceardlann ar chumadóireacht amhrán ar siúl i Leabharlann an Sciobairín. Spreagann na ceardlanna rannpháirtithe athcheangal leis an dúlra trí áthas an cheoil agus na gcnaguirlisí. Beidh na rannpháirtithe ag scríobh amhrán trí úsáid a bhaint as guth, giotár, veidhlín, agus éagsúlacht mhór de chnaguirlisí ó djembes go bodhráin. Oiriúnach do dhaoine idir 13 agus 18 mbliana d’aois, beidh an cheardlann ar siúl ó 1.45pm go 2.45pm Dé Céadaoin an 24 Bealtaine, an 31 Bealtaine agus an 7 Meitheamh. Ag ócáid speisialta ar an 10 Meitheamh ag Páirc Uí Dhonnabháin Rossa, beidh rannpháirtithe ag casadh na n-amhrán atá scríofa acu dá dteaghlach agus dá gcairde.

Dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Danny Collins,

Tar éis rath na mblianta roimhe seo, táimid ag súil go mór le himeachtaí Chruinniú na nÓg i mbliana, a bheidh ar siúl ar fud Chontae Chorcaí. Tá an-áthas orainn go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-imeachtaí, na n-eagraíochtaí agus na rannpháirtithe i mbliana agus táimid ag tnúth le cruthaitheacht ár leanaí agus ár ndaoine óga a cheiliúradh.

Tionscnamh suaitheanta den Phlean um Óige Chruthaitheach agus den Chlár ‘Éire Chruthaitheach’ is ea Cruinniú na nÓg chun cumas cruthaitheach leanaí agus daoine óga a chumasú. Tá sonraí uile an chláir le fáil ar creativeireland.gov.ie. Chun tuilleadh eolais a fháil ar imeachtaí i gContae Chorcaí, déan teagmháil le creativeireland@corkcoco.ie