A Sound Initiative Logo

A Sound Initiative

Is féidir gléas ceoil a ordú ach iarratas a dhéanamh i do leabharlann bhrainse nó i leabharlann taistil áitiúil.
An raibh sé ar intinn agat le fada gléas ceoil a fhoghlaim ach ní raibh tú ag iarraidh gléas costasach a cheannach ar eagla nach dtaitneoidh sé leat?

Tá sé d'aidhm ag an gclár ‘A Sound Initiative’ deis a thabhairt do dhaoine gléas ceoil áirithe a thriail sula socraíonn siad ar shuim shuntasach airgid a chaitheamh ar ghléas ceoil dá gcuid féin.

Conas a oibríonn sé
Is féidir iarraidh ar do bhrainse áitiúil gléas ceoil a ordú isteach duit.
Beidh an bailiúchán ar fáil d'iasachtaithe trí ghréasáin bhrainsí Leabharlann Chontae Chorcaí amháin agus caithfear na gléasanna ceoil a fhaightear ar iasacht a thabhairt ar ais don bhrainse chéanna óna bhfaightear iad.
Is féidir gléas ceoil a fháil ar iasacht ar feadh suas go 3 seachtaine agus d'fhéadfaí é a athnuachan mura bhfuil sé á iarraidh ag duine éigin eile.
Táimid an-bhuíoch do dhaoine a mbronnann gléasanna ceoil.

Na gléasanna atá ar fáil

  • Rogha veidhlíní, lena n-áirítear veidhlíní den mhéid ½ , ¼ agus 1/16
  • Rogha giotár, lena n-áirítear giotáir den mhéid ¾ agus roinnt ghiotár leictreach
  • Rogha méarchlár Casio agus Yamaha
  • Cairdíní pianó do dhaoine fásta agus do pháistí
  • Gléas cleachtaidh drumaí
  • Maindilíní
  • Bodhráin
  • Ucailéilí
  • Bainseónna


Déan teagmháil linn, le do thoil, ar (021) 4546499, nó ag asoundinitiative@corkcoco.ie  má tá gléas ceoil agat ar mhaith leat é a bhronnadh ar an leabharlann.

Chun breathnú ar bheartas Gléasanna Ceoil Leabharlann Chontae Chorcaí agus chun eolas a fháil faoin mbeartas maidir le cúram gléasanna, féach ar na Ceisteanna Coitianta ar an suíomh gréasáin agus ar an Rannóg Beartas agus Fodhlíthe. Féach ar: https://www.corkcoco.ie/library-services/frequently-asked-questions.

Image for Grow It Forward

Tá an feachtas Grow It Forward ar siúl! 

Is clár nua-sheolta é Grow It Forward á leathadh amach ag Leabharlanna Éireann i gcomhar leis an ngluaiseacht Grow It Yourself (GIY) agus Healthy Ireland. 

Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas: 

  • Grá chun bheith amuigh faoin aer a fhorbairt agus na buntáistí fisiciúla agus do shlainte mheabhrach a bhaineann le ham a chaitheamh amuigh faoin aer a chothú.
  • Cé chomh furasta agus chomh fiúntach atá sé a thaispeáint do dhaoine, do chuid glasraí féin a fhás. 
  • Feasacht a chur chun cinn faoi na buntáistí comhshaoil a bhaineann le do bhia féin a fhás. 
  • Daoine a spreagadh chun a gcuid táirgí blasta féin a fhás agus a ithe agus chun nasc a dhéanamh leis an áit as a dtagann a gcuid bia, chun roghanna sláintiúla a dhéanamh, a chur chun cinn.

Tabharfar, creid é nó na creid, 50,000 trealaimh chun bia a fhás saor in aisce le linn an fheachtais. Tá go leor síolta i ngach trealamh, dóthain fiú le roinnt le  naonúr eile, bíodh sé i bhfoirm síol, síológ, plandaí nó táirgí; leis sin beidh leath mhilliún duine ar fud na hÉireann in ann taitneamh a bhaint as an raon leathan tairbhí a thagann as bia a fhás sa bhaile. 

Coiníonn gach pacáiste chun bia a fhás síolta le haghaidh biatais, cairéid, duilleoga sailéid, piseanna agus trátaí, chomh maith le treoracha maidir leis an fháis agus clibeanna bronntanais chun cabhrú iad a roinnt le daoine eile. Gheobhaidh gach éinne a chláraíonn r-phoist go rialta le tacaíocht cabhrach agus beidh saibhreas saineolais agus pobal atá ag méadú acu trí thacaíochtaí agus fóraim ar líne le GIY. 

Má tá suim agat páirt a ghlacadh, níl ort ach teagmháil a dhéanamh le do leabharlann áitiúil, ach déan deifir mar tá éileamh as cuimse orthu agus ní bheidh ceann ar bith fághta le gairid! 

 

Acmhainní agus imeachtaí ar líne: 

Féach ar chuid de na físeáin ar ár gCainéal YouTube chun cócaireacht a dhéanamh in éineacht le:

Darina Allen Poster

 

Béilí Biastas agus Trátaí Grow It Forward de chuid Darina Allen.

 

Béilí ionatch Cairéid agus raidis Grow It Forward de chuid Darina Allen.

 

 

An bhfuil roinnt táirgí deasa Grow It Forward agat sa bhaile? Más amhlaidh, tá sé in am duit triail a bhaint as cuid d’oidis bhlasta Darina Allen Grow It Forward thíos! 
Oidis Leabhrán a hAon:
•    Sailéad Cairéad agus Úll le Blastán Mil agus Fínéagar
 
•    Cairéid Rósta le Labneh agus Pistachio
 
•    Raidisí le im agus salann mara.
•    
Oidis Leabhrán a Dó:
 
•    Biatas picilte, Chorizo agus sailéad uibhe cruabheirithe
 
•    Biatas picilte
 
•    Maonáis baile
 
•    Sailéad Trátaí, Oinniún Dearg agus Basil

 

Donal Skehan's Dark Chocolate and Beetroot cupcakes image

 

Ceiliúrann Emer as Leabharlann Mhainistir na Corann an feachtas Grow It Forward le thaispeáint dúinn conas Chístíní Cupa Seacláid Dhorcha agus Biatas le reoán seacláide iontach le Donal Skehan a dhéanamh. 


Féach ar suíomh gréasáin Donal Skehan chun an t-oideas a fháil.


 
 Carrot Cake Muffins Picture
Muifíní Císte Cairéad le Emer as Leabharlann Mhainistir na Corann.
 
  
Muifíní císte cairéad iontach le reoán cáis uachtair, slí iontach chun do tháirge Grow It Forward a úsáid!

 


 
 Oideas:
 
Muifíní Císte Cairéad - Déanann 12 muifíní

Comhábhair:

Do na Muifíní

Ola lus na gréine 140ml

3 uibheacha

Siúcra Donn Eadrom Bog 220g

Plúr Éiritheach 250g

Púdar Bácála 1tsp

Spíosra Measctha 2 tsp

Cairéad ghrátáilte 300g

Sabhdánaigh 100g

Craiceann Oráiste amháin

Don Reoán Cháis Uachtar

Cáis uachtar 300g

Im 70g

Úsc Fanaile 1 tsp

Siúcra Reoáin 200g

Trealamh:

Tráidire Chístín Cupa agus Cásanna Muifíní

Babhla Measctha

Criathar

Spúnóg Adhmaid

Greadtóir

Spadal

Modh:

Réamh-théigh an oigheann go 180C / 350F / Marc Gáis 4

Maidir leis na Muifíní:

I mbabhla measctha, buail na huibheacha le greadtóir, ansin cuir an siúcra donn leis agus measc
Cuir an cairéad grátáilte, na sabhdánaigh agus an craiceann oráiste isteach agus measc le spúnóg adhmaid go dtí go bhfuil siad comhcheangalite
Cuir 12 chás muifíní i do thráidire cístín cupa, cuir isteach sna cásanna páipéir 
le spúnóg an meascán
Bácáil san oigheann ar feadh thart ar 30 -35 nóiméad nó go dtí go dtagann briogún amach glan

Maidir leis an Reoán

Buail an t-im agus an cáis uachtair le chéile i mbabhla go dtí go mbeidh siad comhcheangailte go maith

Cuir an t-úsc fanaile agus an siúcra reoáin leis agus measc go dtí go mbeidh an reoan réidh agus tiubh
Le scian pailéad, scaip an reoán thar na muifíní atá fuaraithe go hiomlán
Cuir sa chuisneoir é le socrú.

 

Ná déan dearmad go bhfuil Borrowbox, ár n-aip leabharlainne r-leabhar agus ár n-acmhainní r-iris oscailte agus saor in aisce i gcónaí le do chárta leabharlainne! 

 

Tá an dá fhoilseachán a bhainneann le Grow It Yourself ar fáil ar BorrowBox mar aon le neart leabhar garraíodóireachta, leabhair faoi conas bia a fhás agus cócaireachta, ar féidir leat féachaint thart orthu.

Chun treoracha ar conas rochtain a fháil, cliceáil anseo.

Faigh tuilleadh eolais faoi Fás Ar Aghaidh É.

Tá sé ar fad ar súil ag an leabharlann!

Cuireann Leabharlann Chontae Chorcaí réimse leathan imeachtaí ar fáil don phobal idir óg agus aosta inar féidir leo foghlaim ní hamháin faoi leabhair agus faoin litríocht ach faoi réimse leathan ábhar a bhaineann leis an eolaíocht chomh maith.

 

Oideachas

Home School Hub RTÉ
Ceachtanna spraíúla agus suimiuil laethúla bunaithe ar churaclam do pháistí bunscoile ag foghlaim sa bhaile.   Tosaíonn ranganna ar an teilifís agus tá ábhar breise do thionscadail ghaolmhara ar fáil ar líne.  Curtha i láthair ag múinteoirí bunscoile cáilithe.
 
Twinkl
Mol foghlama baile do pháistí bunscoile le léamha leabhar, ceachtanna beo agus tuairiscí nuachta dearfacha.   Tá pacáistí acmhainne foghlama seachtainiúla ó Naíonán Sóisearach go dtí an 6úth rang ionas gur féidir le páistí leanúint ar aghaidh ag foghlaim ón mbaile.
 
Scoilnet
Tairseach oifigiúil na Roinne Oideachais agus Scileanna (DES) d'oideachas na hÉireann.  Acmhainní bunaithe ar churaclam do mhic léinn bunscoile agus iar-bhunscoile.  Rochtain saor in aisce ar worldbookonline.com le hacmhainní eolais agus ríomhleabhair saor in aisce le linn thréimhse dúnta na scoile.  Tá an nasc chuige seo ar fáil sa chuid "Home Access" de shuíomh gréasáin Scoilnet
 
Laethanta Scoile
Acmhainní oideachais Gaeilge ar líne do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí.
 
An Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoilíochta
Acmhainní scoile ar líne do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile sa Ghaeilge.
 
Scoil Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Acmhainní ar líne do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu, atá sa bhaile mar thoradh ar dhúnadh scoile.

Seachtain na Matamaitice Éire
Gníomhaíochtaí agus tionscadail matamaitice spraíúla ar líne , is féidir a dhéanamh le rudaí laethúla sa bhaile.


Cultúr/Ealaín/Ceol


Gailearaí Glucksman
Is músaem ceannródaíoch é Gailearaí Glucksman i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta d'fhoghlaim chruthaitheach agus do rochtain ar na hamharc-ealaíona. Cuirtear seisiúin "Creativity at Home" ar líne ar fáil le linn dhúnadh reatha an ghailearaí.
 
An Ark, Baile Átha Cliath
Ionad cultúrtha tiomnaithe do leanaí.   Tá tionscadail rince, ceoil, ealaíne agus amharclainne saor in aisce do pháistí ar fáil ar líne.
 
Dabbledoomusic 
Acmhainní ceoil atá nasctha le curaclam na bunscoile le cúrsaí saor in aisce do thuismitheoirí agus do pháistí.


Litríocht

Músaem Litríochta na hÉireann
Cuirtear cluichí scríbhneoireachta "Bright Sparks Creative Bursts" ar fáil ar líne do leanaí agus do theaghlaigh.   Cuireann údar leanaí Sarah Webb inspioráid ar fáil.
 
Children’s Books Ireland
Tá moltaí agus athbhreithnithe leabhar ag an suíomh gréasáin d'eagraíocht náisiúnta  leabhar na bpáistí in Éirinn do gach aoisghrúpa.   Is féidir teacht ar ghníomhaíochtaí súgartha Imagination Nation do pháistí bunscoile le cleachtaí líníochta, scríbhneoireachta agus aireachais ó phríomhúdair agus ealaíontóirí na hÉireann.
 
David Walliams
Cuireann Údar, David Walliams,  taifeadtaí fuaime saor in aisce as a chuid leabhar agus bileoga gníomhaíochta in-íoslódáilte chomh maith.

cork county library

astronomy  child readingnimbus

year of light launch

Is féidir rochtain a fháil ar na Ceisteanna Coitianta ag yourcouncil.ie

Clóscríobh "leabharlann" sa bharra cuardaigh chun féachaint ar CCanna a bhaineann le Leabharlann Chontae Chorcaí.