Fermoy Library

Uaireanta Oscailte

Máirt go Satharn, 9.30 am - 5.30 pm.

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Dúnta ar an Luan.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil.

Is féidir le daoine fásta agus páistí réimse leathan leabhar, leabhair ar théipeanna agus ar dhlúthdhioscaí san áireamh, a fháil ar iasacht ó Leabharlann Mhainistir Fhear Maí. Tá rogha leabhar tagartha ginearálta ar nós ciclipéidí agus foclóirí ar fáil sa leabharlann freisin.

Tá na nuachtáin agus na tréimhseacháin reatha seo a leanas ar fáil le léamh sa leabharlann: the Irish Examiner, The Irish Times, Avondhu, Consumer Choice agus Which.

 

 

Rochtain Idirlín

Tá an t-idirlíon ar fáil ar cheithre ríomhaire. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré. Tá Wi-Fi ar fáil freisin do bhaill na leabharlainne.

Imeachtaí

Eagraítear imeachtaí éagsúla i rith na bliana, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i bhFéile na Bealtaine, Clár Ealaíon an tSamhraidh, agus Féile Leabhar na bPáistí.

Déan Teagmháil Linn

Leabharlann Mhainistir Fhear Maí,

Sráid Uí Chonghaile,

Mainistir Fhear Maí,

Co. Chorcaí

P61 C663

Guthán: (025) 31318

R-phost: fermoylibrary@corkcoco.ie