Charleville Library

 

Máirt go Satharn, 10 am - 5:30 pm.

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine saoire bainc.

Dúnta ar an Luan.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil.

Is féidir le daoine fásta agus páistí réimse leathan leabhar, leabhair ar théipeanna san áireamh, a fháil ar iasacht ó Leabharlann na Rátha. Tá rogha leabhar tagartha ginearálta ar nós ciclipéidí agus foclóirí ar fáil sa leabharlann freisin.

Tá na nuachtáin agus na tréimhseacháin reatha seo a leanas ar fáil le léamh sa leabharlann: The Irish Examiner, The Irish Independent, The Irish Times, The Corkman, The Farmer's Journal, The Limerick Leader agus The Vale Star.

 

 

Rochtain Idirlín

Tá an t-idirlíon ar fáil ar 3 ríomhaire. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré. Tá Wi-Fi saor in aisce ann do bhaill na leabharlainne.

Imeachtaí

Eagraítear imeachtaí éagsúla i rith na bliana, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i bhféilte áitiúla amhail Féile na Bealtaine, Clár Ealaíon an tSamhraidh, agus Féile Leabhar na bPáistí.

Déan Teagmháil Linn

Leabharlann na Rátha,

An tSráid Mhór,

An Rátha,

Co. Chorcaí

P56 VA09

Guthán: (063) 89769

R-phost: charleville.library@corkcoco.ie

Treoracha go dtí an Leabharlann

Tá leabharlann na Rátha suite in iarbhfoirgneamh Eaglais na hÉireann ar an tSráid Mhór, díreach os comhair bhanc AIB. Tá sí suite ar an taobh clé den tsráid agus tú ag teacht ó Chorcaigh, nó ar thaobh na láimhe deise agus tú ag teacht ó Luimneach.