Skip to Content
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility
  Home / Príomhsheirbhísí / Na hEalaíona

Na hEalaíona


  • Tá freagracht ar an Oifig Ealaíona maidir le gach gné de rannpháirtíocht na Comhairle Contae sna hEalaíona laistigh de Cheantar Riaracháin Chontae Chorcaí.

    Ráiteas Misin

    Is í aidhm Chomhairle Contae Chorcaí ná spreagadh agus cur chun cinn a dhéanamh ar na healaíona do chách ar fud Chontae Chorcaí. Trí chéimeanna éagsúla, cuireann an Chomhairle roimpi cabhrú le comhlachtaí atá bunaithe go háitiúil tógáil ar a n-acmhainn, lucht féachana a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt do rannpháirtíocht an phobail sna healaíona. Ina theannta sin, soláthraíonn an Chomhairle acmhainní agus cláir dírithe ar dhaoine óga, daoine ag a bhfuil riachtanais speisialta agus seandaoine. Aithníonn Comhairle Contae Chorcaí a thábhachtaí agus atá an t-ealaíontóir cruthaitheach sa tsochaí agus ionchorpraítear céimeanna le spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do chleachtóirí cruthaitheacha atá ag teacht chun cinn agus atá seanbhunaithe araon.

    Feidhmíonn Seirbhís Ealaíona Chomhairle Contae Chorcaí d'fhonn:
    • Lucht féachana nua a fhorbairt do na healaíona.
    • Na healaíona a chothú agus a fhorbairt ag leibhéal áitiúil.
    • Tacaíocht a thabhairt don ealaíontóir cruthaitheach atá ag teacht chun cinn agus don duine atá seanbhunaithe.
    • Barr feabhais sna healaíona a chothú agus a spreagadh.
    • Iarracht a dhéanamh ar chomhtháthú níos fearr a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí ealaíona le soláthróirí eile seirbhíse.
    • Tacú leis an earnáil ealaíona áitiúil go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
    • Éascú a dhéanamh ar líonrú feabhsaithe sa phobal ealaíona.
    • Feabhas a chur ar dháileadh acmhainní faisnéise agus seirbhísí.
    Forbairt Polasaí agus Pleanáil

    Faoi Acht na nEalaíona 2003, is riachtanas reachtúil anois é go n-ullmhódh gach údarás áitiúil pleananna d'fhorbairt na n-ealaíona ina réimsí feidhme agus go gcuirfí i bhfeidhm iad. Tá plean forbartha ealaíona á ullmhú faoi láthair ag Oifig Ealaíona Chomhairle Contae Chorcaí.

    D'aithin an Straitéis Forbartha Contae 2002-2011 roinnt tosaíochtaí maidir le forbairt na n-ealaíona faoina dual Cultúrtha.  Is ball é an tOifigeach Ealaíona den Ghrúpa Curtha i bhFeidhm Cultúir. Tá freagracht ar an ngrúpa seo maoirseacht a dhéanamh ar dhul chun cinn ghníomhaíochtaí ar leith ar bhonn bliantúil. Tá baint díreach ag an Oifig Ealaíona le ceannas a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus tascanna éagsúla faoin Straitéis.


 
Home About Us Services Departments Careers News Publications Sitemap Contact Us Accessibility