125 bliain de dhul chun cinn - Comórann Comhairle Contae Chorcaí Cloch Mhíle

Mayor of the County Cork, Cllr. Frank O'Flynn, Chief Executive of Cork County Council, Valerie  O'Sullivan and Elected members of Cork County Council seated in the Council Chamber.

Dhein Comhairle Contae Chorcaí ceiliúradh de 125 bliain ar an bhfód le lá comórtha ag tosnú le Cruinniú Speisialta den Chomhairle inar díríodh ar mhacallaí na staire agus an leabhar miontuairiscí ó 1899 ar taispeáint go bródúil.

Nuair a tháinig deireadh le himeachtaí oifigiúla, bhailigh aíonna i bhforhalla Halla an Chontae Chorcaí áit a raibh Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Frank O’Flynn agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí Valerie O’Sullivan, agus aíonna speisialta an tAire Airgeadais Michael McGrath TD  agus Simon Coveney TD,  a labhair faoi na hathruithe ollmhóra atá tarlaithe le linn an ama seo, cé go bhfanann ról Chomhairle Contae Chorcaí mar an gcéanna, chun an tseirbhís is fearr a chinntiú do mhuintir Chontae Chorcaí.

Seoladh foilseachán speisialta, ‘Comhairle Contae Chorcaí: 125 bliain de dhul chun cinn 1899 –2024’,  go hoifigiúil a chlúdaíonn roinnt príomhimeachtaí agus gníomhaíochtaí le linn na tréimhse seo. Beidh an leabhar ar fáil le ceannach ar €5 ó shiopaí leabhar ainmnithe ar fud an chontae.

Ag tagairt don fhoilseachán, dúirt Méara an Chontae, an Clr. Frank O’Flynn 

Léiríonn an foilseachán agus an taispeántas an taipéis shaibhir inár stair, sa lá atá inniu ann, agus sa todhchaí, agus is ábhar léitheoireachta ana-shuimiúil é, le grianghraif ón tréimhse inar reáchtáladh cruinnithe na Comhairle sa chuid chúl d’urlár uachtarach Theach Cúirte Chorcaí agus an chodarsnacht idir na grianghraif sin agus cruinniú na maidine seo a reáchtáladh in áiseanna den scoth i seomra an chontae.

Lean an Méara O’Flynn leis, ag rá, 

Tairgeann an taispeántas a théann leis an gcomóradh turas spreagúil trí 125 bliain d’imeachtaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Agus an lucht freastail ag déanamh iontais faoi imeachtaí stairiúil agus imeachtaí an lae inniu, taobh le taobh, ba léir go dtrasnaíonn spiorad Chomhairle Contae Chorcaí teorainn ama agus teorainneacha.

 

Thug Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí Valerie O’Sullivan ómós don spiorad ceannródaíoch atá i ngach gné den Chomhairle ag rá,

Valerie O'Sullivan

Príomhfheidhmeannach

Ceannceathrú Chomhairle Contae Chorcaí, Halla an Chontae, Bóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh, Éire. Eirchód: T12 R2NC.

Sna blianta atá le teacht, leanfaidh Comhairle Contae Chorcaí ag tabhairt tosaíochta do riachtanais a áitritheoirí, ag cothú fás eacnamaíoch agus ag tacú le tionscnaimh a chuireann ceartas sóisialta agus maoirseacht comhshaoil chun cinn. Oibreoimid le chéile go dícheallach chun a chinntiú go bhfanann Contae Chorcaí ina áit bhríomhar, rathúil agus cuimsitheach do chách.

 

Beidh an Taispeántas ar taispeáint san fhorhalla i Halla an Chontae ar feadh roinnt seachtainí agus tá fáilte roimh bhaill an phobail cuairt a thabhairt orthu le linn uaireanta oifige.