Firefighters

Rialú Dóiteáin & Foirgníochta

Cuireann Comhairle Contae Chorcaí seirbhís tine agus tarrthála ar fáil ó fiche stáisiún dóiteáin, atá suite ar fud an chontae. Tugann muid freagra ar thart ar 3,000 glaoch éigeandála gach bliain.

Cuimsíonn na glaonna éigeandála sin tinte baile agus tráchtála, tionóiscí tráchta bóthair, tinte aitinn, teagmhais cheimiceacha, agus tarlaithe guaiseacha eile laistigh den chontae.

Cuireann Rannóg Rialú Dóiteáin agus Foirgníochta Chontae Chorcaí an tseirbhís seo ar fáil, chun na spriocanna seo a leanas a bhaint amach:

Cabhrú leis an bpobal sábháilteacht dóthanach dóiteáin a choimeád i bhfoirgnimh

Cinntiú go gcloíonn tógáil foirgneamh le na rialacháin tógála

Ullmhú d'éigeandálaí móra.

Tá an Rannóg suite ag ceithre oifig réigiúnach:

Foirgneamh Riaracháin Tine, Campas Halla an Chontae (Ceanncheathrú)

Stáisiún Dóiteáin Mhainistir na Corann, Plásóg an Mhargaidh, Mainistir na Corann, Co. Chorcaí

Stáisiún Dóiteáin Bheanntraí

Stáisiún Dóiteáin Mhala.

Fiosrúchán faoi Rialú Dóiteáin & Foirgníochta