A circular room with tiered  seating

Rátaí Tráchtála

Is cáin mhaoine tráchtála áitiúil é Rátaí Tráchtála a chuireann maoiniú ar fáil i bpáirt do chláir chaiteachais Chomhairle Contae Chorcaí. Gearrtar rátaí ar réadmhaoine tráchtála amhail siopaí, oifigí, monarchana, trádstórais, óstáin, áitribh cheadúnaithe etc.

Cabhraíonn an t-ioncam ó na Rátaí le roinnt de na seirbhísí a chuireann Comhairle Contae Chorcaí ar fáil a chur ar fáil. Orthu sin tá:

Forbairt Gheilleagrach – Tá 1% de na Rátaí a bhailítear imfhálaithe le haghaigh Chiste Forbartha Geilleagraí na Comhairle

Seirbhísí a Sholáthar do chuideachtaí 'Nuathionscanta' lena n-áirítear aonaid chothaithe agus tacaíocht ó Oifigí Fiontair Áitiúil

Ciste Forbartha Bailte - Cuirtear €1 milliún i leataobh gach bliain

Forbairt Áitiúil agus Pobail

Bóithre an chontae a chothabháil agus a fheabhsú

Briogáidí Dóiteáin agus seirbhísí gaolmhara

Rialú pleanála

Páirceanna, limistéir taitneamhacha agus clóis shúgartha

Leabharlanna agus leabharlanna taistil

Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte

Gardaí Tarrthála Trá

Séanadh: Treoir amháin atá san fhaisnéis a chuirtear ar fáil thíos, agus níl sí beartaithe mar léirmhíniú críochnúil dlíthiúil ar an reachtaíocht rialaitheach ábhartha.

Fiosrúcháin Rátaí