Cork County Council Approves Grants to Arts Organisations and Artists 2024

Musician performing as part of Culture Night 2023

128 Artists and arts organisations are set to receive funding of over €166,000 from Cork County Council through its 2024 Arts Grants Scheme. Considering the scheme at their meeting on Monday February 12th Councillors noted that there has been a sharp rise in applications to the Arts Grants Scheme over the past two years. This 42% increase in requests for funding indicates that not only has arts and cultural activity returned to pre-pandemic levels, but also that the county’s organisations and artists have strong and ambitious plans for the coming year.

Welcoming the Council’s funding decision, Mayor of the County of Cork Cllr. Frank O’Flynn said,

We are delighted to make this funding announcement. The arts and culture are central to our lives individually and as a society, it is important that Cork County Council plays a role in supporting such activity. The wide range of proposals from arts organisations around the county is very heartening, demonstrating a desire to help our citizens connect with each other through participation and engagement in arts and cultural activity. This funding will be put to great use enabling festivals, artists and voluntary arts organisations deliver projects which will directly impact and revitalise social life in local communities, putting art and creativity at the heart of our lives in 2024. We particularly welcome the funding allocation for projects that promote inclusion and address barriers preventing access to the arts.

The Arts Grants Scheme is one of Cork County Council’s funding mechanisms designed to support events, activities and new initiatives that enhance public access to the arts and support cultural development across all eight of the county’s Municipal Districts. The scheme covers services provided by voluntary arts groups and others that enable public engagement in the arts. The scheme supports Arts for older people, community arts, craft, dance, disability access projects in the arts, festivals, literature, music theatre, visual and youth arts.

Chief Executive of Cork County Council, Valerie O’Sullivan, highlighted the role of the Council in making the practice and enjoyment of the arts accessible to all citizens.

Valerie O'Sullivan

Chief Executive

Cork County Council Headquarters, County Hall, Carrigrohane Road, Cork, Ireland. Eircode: T12 R2NC.

Our aim is to see the arts thrive and in turn to ensure that all our citizens have the opportunity to access and enjoy the arts in their own areas. We are delighted to support the wonderful work by so many organisations throughout the county who deliver creativity at a local level enhancing lives and place simultaneously.

Cork County Council is one of a few local authorities to offer a specific scheme supporting arts projects that promote use of Irish language. This year the scheme will support two strong initiatives in Youghal and the Mhuscraí Gaeltacht that will assist young people making films through Irish.

The Arts Grant Scheme also supports the work of individual artists, and this year 18 bursaries and residencies will be awarded to individual creative artists. This includes two awards supporting artists developing projects to promote their work abroad.


Ceadaíonn Comhairle Contae Chorcaí deontais d’eagraíochtaí ealaíon agus d’ealaíontóirí in 2024

Beidh 128 ealaíontóir agus eagraíocht ealaíon le maoiniú d’os cionn €166,000 a fháil ó Chomhairle Contae Chorcaí trí Scéim na nDeontas Ealaíon 2024. Agus an scéim á meas ag a gcruinniú Dé Luain, an 12 Feabhra, thug Comhairleoirí suntas go raibh ardú géar ar iarratais ar Scéim na nDeontas Ealaíon le dhá bhliain anuas. Léiríonn an t-ardú 42% seo sna hiarratais ar mhaoiniú go bhfuil gníomhaíocht ealaíon agus cultúrtha méadaithe in athuair go leibhéil a bhí le feiceáil roimh an bpaindéim. Ní hamháin sin, ach tá pleananna láidre agus uaillmhianacha ag eagraíochtaí agus ag ealaíontóirí an chontae don bhliain amach romhainn.

Agus é ag cur fáilte roimh chinneadh maoinithe na Comhairle, bhí an méid seo le rá ag Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Frank O’Flynn, 

Tá áthas orainn an fógra maoinithe seo a dhéanamh. Tá na healaíona agus an cultúr lárnach inár saoil mar dhaoine aonair agus mar shochaí. Tá sé tábhachtach go mbíonn ról ag Comhairle Contae Chorcaí tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht den sórt sin. Is ardú meanma é an réimse leathan moltaí ó eagraíochtaí ealaíon ar fud an chontae, a léiríonn mian ár saoránach nascadh le chéile trí rannpháirtíocht agus gníomhú sna healaíona agus i ngníomhaíocht chultúrtha. Beidh an maoiniú seo an-oiriúnach chun cur ar chumas féilte, ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon deonacha tograí a chur ar fáil a mbeidh tionchar díreach acu ar an saol sóisialta a athbheochan sna pobail áitiúla, chun ealaín agus cruthaitheacht a chur i lár an aonaigh in 2024. Cuirimid fáilte ar leith roimh an leithdháileadh maoine do thionscadail a chuireann ionchuimsiú chun cinn agus a théann i ngleic le bac ar rochtain ar na healaíona.

Tá Scéim na nDeontas Ealaíon ar cheann de na córais mhaoinithe atá deartha chun tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí, do ghníomhartha agus do thionscnaimh nua a chuireann le fáil ag an bpobal go héasca ar na healaíona agus a thacaíonn le forbairt chultúrtha ar fud gach ceann de Cheantair Bhardasacha an chontae. Clúdaíonn an scéim na seirbhísí a chuireann grúpaí ealaíne deonacha agus eile ar fáil a chuireann ar chumas rannpháirtíocht an phobail a dhéanamh sna healaíona. Tacaíonn an scéim leis na hEalaíona do dhaoine scothaosta, d’ealaíona an phobail, do cheardlann, do dhamhsa, do thionscadail sna healaíona a bhfuil teacht níos fearr ag daoine faoi mhíchumas orthu, d’fhéilte, do litríocht, d’amharclann an cheoil, do na físealaíona agus na healaíona do dhaoine óga.

Leag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Valerie O’Sullivan, béim ar ról na Comhairle chun an cleachtas agus sult a bhaint as na healaíona a bheith ar fáil do gach saoránach,

Valerie O'Sullivan

Chief Executive

Cork County Council Headquarters, County Hall, Carrigrohane Road, Cork, Ireland. Eircode: T12 R2NC.

Tá sé mar aidhm againn na healaíona a chur faoi bhláth agus a chinntiú go bhfuil an deis ag gach saoránach teacht ar na healaíona agus sult a bhaint astu ina réimse féin. Tá áthas orainn tacaíocht a thabhairt don obair iontach a rinne go leor eagraíochtaí ar fud an chontae a chuireann cruthaitheacht ar fáil ar leibhéal áitiúil agus a chuireann le caighdeán saoil agus áite araon.

Tá Comhairle Contae Chorcaí ar cheann de na húdaráis áitiúla, ar beag iad, a chuireann scéim ar leith ar fáil a thacaíonn le tionscadail ealaíon a chuireann an Ghaeilge chun cinn. I mbliana tabharfaidh an scéim tacaíocht do dhá thionscnamh láidre in Eochaill agus i nGaeltacht Mhúscraí a chabhróidh le daoine óga scannánaíocht a dhéanamh i nGaeilge.

Tugann Scéim na nDeontas Ealaíona tacaíocht freisin d’obair na n-ealaíontóirí aonair, agus i mbliana bronnfar 18 sparánacht agus cónaitheacht ar ealaíontóirí cruthaitheacha aonair. Tá dhá dhámhachtain san áireamh a thacaíonn le healaíontóirí a fhorbraíonn tionscadail chun a gcuid oibre a chur chun cinn thar lear.