FÓGRA TOGHCHÁIN

CORK COUNTY COUNCIL

Táthar ar tí toghchán a reáchtáil chun comhaltaí do gach aon cheann de thoghlimistéir áitiúla a thoghadh:

Dhroichead na Bandan-Chionn tSáile (6 suíochán), Bheanntraí-Iarthar Chorcaí (4 suíochán), Charraig Uí Leighin (6 suíochán), An Chóibh (6 suíochán), Mhainistir Fhear Maí (6 suíochán), Cheann Toirc (4 suíochán), Mhaigh Chromtha (6 suíochán), Mhainistir na Corann (7 suíochán), Mhala (5 suíochán), An Sciobairín-Iarthar Chorcaí (5 suíochán).

don údarás áitiúil atá luaite thuas.

Is féidir páipéir ainmniúcháin a fháil ón seoladh thíos le linn gnáthuaire oifige.

Féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir i dtoghchán nó féadfaidh duine eile (is duine atá cláraithe mar thoghthóir rialtais aitiúil i limistéar an údaráis áitiúil a bhfuil sé beartaithe ag an duine an t-iarrthóir a ainmniú dó), mar mholtóir, é nó í a ainmniú, lena thoiliú nó lena toiliú i scríbhinn.

Ní mór deimhniú cleamhnachta polaitíochta a bheith ag gabháil le páipéar ainmniúcháin ó iarrthóir páirtí polaitíochta cláraithe agus caithfear é a thabhairt ar aird domsa lena fhoirm/lena foirm ainmniúcháin chomhlánaithe.

Mura mbeidh aon deimhniú tugtha ar aird ní mór don iarrthóir, roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a fháil, ceachtar den dá rud seo a dhéanamh-

  • cúig aontú dhéag leis an ainmniúchán a fháil trí dhearbhuithe r eachtúla ó thoghthóirí rialtais áitiúil a bheidh cláraithe sa toghlimistéar áitiúil ábhar tha (tá na foir meacha ar fáil uaimse nó ón údarás cláraithe), nó
  • éarlais de €100 a íoc (is féidir éarlais a íoc thar ceann an iarrthóra freisin).

Is é 12 meánlae an 18ú lá de Bhealtaine, 2024 an t-am is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.

Is féidir leis an iarrthóir nó lena mholtóir/a moltóir páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe a sheachadadh chugam i bpearsa tráth ar bith a bhím i m’oifig, ó 10am an 11ú lá de Bhealtaine, 2024 go 12 meánlae ar an lá is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.

Tá ceangal orm faoin dlí a bheith i láthair le glacadh le hainmniúcháin idir 10am agus 12 meán lae agus idir 2pm agus 5pm an 17ú lá de Bhealtaine, 2024 agus idir 10am agus 12 meán lae an 18ú lá de Bhealtaine, 2024.

Má bhíonn toghachán comhraic ann, reáchtálfar vótaíocht an 7ú lá de Meitheamh, 2024 idir 7.00 am agus 10.00 pm.

Maurice Manning, An Ceann Comhairimh, Urlár 4, Hall An Chontae, Corcaigh.

Arna dhátú ar an lá seo an 8ú Bhealtaine, 2024.

Bailíonn Comhairle Contae Chorcaí faisnéis phearsanta ionas gur féidir le Comhairle Contae Chorcaí do aighneacht/agóid a phróiseáil. Go dlíthiúil, is féidir linn an fhaisnéis seo a phróiseáil mar is gá chun a chuid oibleagáidí reachtúla/dlíthiúla a chomhlíonadh. Próiseáilfear an faisnéis seo i líne lenár ráiteas príobháideachas atá at fáil ar ár suíomh gréasáin ag www.corkcoco.ie.