Boithre Agus Iompar

Freagrachtaí Úinéirí Maoine faoi Acht na mBóithre

Tá freagrachtaí ar Úinéirí Maoine de réir Acht na mBóithre, 1993. Orthu sin tá:

Bearradh fálta agus/nó crann

Faoi Alt 70 d'Acht na mBóithre, 1993, tá sé de fhreagracht ar úinéirí agus sealbhóirí talún an oiread cúraim agus atá réasúnach a ghlacadh chun a chinntiú nach bhféadfadh crainn, díoga, fálta nó aon fhásra eile atá ag fás ar a dtalamh a bheith ina chontúirt do dhaoine atá ag úsáid nó ag oibriú ar bhóthar poiblí. Seo a leanas samplaí de roinnt de na guaiseacha a d'fhéadfadh a bheith ann: crainn atá ag fáil báis, díoga nó fálta a chuireann isteach ar thrácht, a bhlocálann cosán, a chlúdaíonn comharthaí bóthair nó a dhéanann radharc ar an mbóthar a cheilt. Tá sé de dhualgas ort a leithéid de chrainn, díoga agus fálta a leagan, a ghearradh, a ghearradh siar nó a bhaint chun nach mbeadh siad ina nguaiseacha do dhaoine nó do mhaoin sa cheantar. Ba cheart go gcuirfí ar fáil comharthaíocht leordhóthanach agus ba chóir aon oibreacha atá á gcur ar bun a chur in iúl don Chomhairle agus do na Gardaí sula dtosaíonn na hoibreacha. Níor cheart dul i mbun bearradh fáil ach amháin sa tréimhse taobh amuigh de shéasúr criticiúil an ghoir ón 1 Márta go 31 Lúnasa. Maíonn Acht na mBóithre go mbeidh freagracht ar an úinéir/sealbhóir talún as aon dliteanas atá mar thoradh ar dhamáiste nó gortú a eascraíonn óna leithéid de ghuaiseacha.

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le hOifig Innealtóir an Cheantair Bhardasaigh áitiúil.

Cliceáil an nasc le haghaidh na Foirme Iarratais ar Scéim Deontais um Bearradh Fálta Pobail

Más mian leat fadhb a bhaineann le crainn nó fálta a thuairisciú, úsáid ár dtairseach ar líne. 

Draenáil

Faoi Alt 76 d'Acht na mBóithre, 1993, tá ceangal ar Úinéirí Talún agus áititheoirí talún gach beart réasúnach a dhéanamh le cinntiú go bhféadfadh uisce draenáil ó bhóthar poiblí isteach ar a dtalamh agus le cinntiú nach n-éalaíonn uisce, ithir ná ábhair eile óna dtalamh go dtí an bóthar.

Féadfaidh an Chomhairle foláireamh a thabhairt do chiontóirí, agus mura ngníomhaítear ar an bhfoláireamh sin, féadfar ionchúisimh agus fíneálacha a ghearradh má ghlacfar caingean dlí sna Cúirteanna.  

Más mian leat fadhb a bhaineann le draenáil nó tuilte a thuairisciú, úsáid ár dtairseach ar líne. 

Déan teagmháil le hOifig Innealtóir an Cheantair Bhardasaigh áitiúil má theastaíonn tuilleadh eolais uait .

Láib agus/nó smionagar ar bhóithre

Faoi Alt 13 d'Acht na mBóithre, 1993, is cion é freisin ábhair a chur ar bhóthar poiblí, nó ligean de láib nó d'aon rud a thiteann ó fheithicil, a chruthaíonn guais nó guais fhéideartha d'úsáideoirí bóithre, nó a chuireann isteach ar úsáid sábháilte an bhóthair, fanacht ar an mbóthar poiblí.

Más mian leat fadhb a bhaineann le láib nó smionagar a thuairisciú, úsáid ár dtairseach ar líne. 

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le hOifig Innealtóir an Cheantair Bhardasaigh áitiúil.