Comhshaol

Fuinneamh & An t-Athrú Aeráide

Cairt Gníomhaíochta Aeráide

Do shínigh Comhairle Contae Chorcaí, mar aon leis na 34 údarás áitiúla uilig eile, an Chairt um Ghníomhaíocht Aeráide (pdf) ag tabhairt tiomantas d'athléimneacht aeráide a ionchorprú i ngach gné den obair a dhéanaimid. Is príomhbheart é an Chairt Aeráide i bPlean Gníomhaíochta Aeráide an Rialtais a foilsíodh níos luaithe i mbliana. Geallann an Chairt um Ghníomhaíocht Aeráide don Chomhairle feabhas 50 fán gcéad (%) ar éifeachtúlacht fuinnimh a sheachadadh fé 2030.



Cuireann an Chairt béim ar ról ceannaireachta na n-údarás áitiúil maidir le gníomhaíocht éifeachtach aeráide a sholáthar. Éilíonn an Chairt ar údaráis áitiúla próiseas a chur i bhfeidhm chun cinntí, cláir agus tionscadail mhóra a phromhadh ó thaobh carbón, lena n-áirítear infheistíochtaí in iompar agus i bhfuinneamh, chomh maith le soláthar.

Straitéis Oiriúnaithe Aeráide Chomhairle Contae Chorcaí 2019-2024 Glactha.

Ghlac Comhairle Contae Chorcaí leis an Straitéis um Oiriúnú Aeráide Chomhairle Contae Chorcaí lena Tuarascáil Scagtha um Measúnú Comhshaoil Straitéiseach (SEA) agus a Tuarascáil Scagtha um Measúnú Cuí (AA) ar an 23ú Meán Fómhair 2019.

Tabhair fé deara le do thoil go ndéanfar athfhoirmiú ar an téacs seo le haghaidh priontála



Doiciméid na Straitéise um Athrú Aeráide:

Cork County Council Climate Adaptation Strategy 2019-2024 (pdf)

Comhairle Contae Chorcaí Straitéis Oiriúnaithe Aeráide 2019-2024 (pdf)

Tuarascáil Scagtha um Measúnú Comhshaoil Straitéiseach (SEA) (pdf)

Tuarascáil Scagtha Measúnachta Cuí (AA) (pdf)

Comhairle Contae Chorcaí & Éifeachtúlacht Fuinnimh

Is í Comhairle Contae Chorcaí an chéad Údarás Áitiúil a bhain amach deimhniú ISO50001 dár gCóras Bainistíochta Fuinnimh (EnMS) i mBealtaine 2016. Cumhdaíonn an deimhniú seo scóip iomlán caiteachas bliantúil iomlán €7 milliún Chomhairle Contae Chorcaí ar fhuinneamh agus an 41 milliún kWh d'fhuinneamh a úsáidtear gach bliain. Mar thoradh ar dheimhniú chóras bainistíochta fuinnimh Chontae Chorcaí ag an gcaighdeán ISO50001, tá Comhairle Contae Chorcaí ag comhlíonadh SI 426 anois.

 Tá na buntáistí a bhaineann le ISO50001 feicthe dúinn laistigh den eagraíocht, mar shampla; EnMS struchtúrtha, feasacht ardaithe i measc na foirne maidir le húsáid fuinnimh agus táirgí fuinnimh agus cur chun cinn cultúr a spreagann éifeachtúlacht fuinnimh. Tá Comhairle Contae Chorcaí ag cur i bhfeidhm EnMS ó 2011 ar aghaidh, an bhliain a shínigh sí comhpháirtíocht le SEAI. Tá ag éirí go han-mhaith leis an EnMS seo agus rinneadh 3.1 milliún kWh a shábháil dá bharr. Ina theannta sin, táimid ar sprioc i dtaca lenár gcuspóir éifeachtúlacht fuinnimh 33% a bhaint amach roimh 2020.

Chun a chinntiú go mbeidh an éifeachtúlacht fuinnimh ina tosaíocht don eagraíocht, shínigh ár Méara Contae, an Comhairleoir John Paul O'Shea agus ár bPríomhfheidhmeannach Tim Lucey ár mBeartas Fuinnimh i Meán Fómhair 2015. Leagan an Beartas seo amach ár dtiomantas d'éifeachtúlacht fuinnimh don todhchaí.    

Beartas Fuinnimh Chomhairle Contae Chorcaí

Tá Comhairle Contae Chorcaí tiomanta d'fheabhas leanúnach a chur ar ár éifeachtúlacht fuinnimh de réir na spriocanna náisiúnta, comhaontaithe atá ina gceangail de réir dlí agus riachtanais eile.

Cinnteoidh Chomhairle Contae Chorcaí go gcuirfear chun cinn árdú feasachta i measc páirtithe leasmhara trí fhaisnéis iontaofa agus shoiléir a chur ar fáil maidir le húsáid fuinnimh Chomhairle Contae Chorcaí agus na gníomhaíochtaí feabhsúcháin atá ar bun aici.

Cuirfidh Comhairle Contae Chorcaí creat ar fáil chun cuspóirí agus spriocanna fuinnimh a leagan síos agus a athbhreithniú go tráthrialta.

Beidh Comhairle Contae Chorcaí tiomanta do na hacmhainní is gá a chur ar fáil chun na cuspóirí agus spriocanna sin a bhaint amach.

Tá Comhairle Contae Chorcaí tiomanta do bhreathnú ar tháirgí agus seirbhísí atá tíosach ar fhuinneamh a cheannach agus gabhann sí uirthi féin dearadh a dhéanamh ar mhaithe le feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh.

Chomhairle Contae Chorcaí Scéalta Aeráide

Is bailiúchán de scéalta, dánta agus grianghraifeanna Athrú Aeráide é ‘Voices of Experience’ a chuir seanóirí Chontae Chorcaí isteach. Áiríonn na scéalta an taithí a bhí ag daoine scothaosta ar aeráid le linn a saoil.

Comhoibriú a bhí sa leabhar seo idir Aonad Gníomhaíochta Aeráide Chomhairle Contae Chorcaí, Clár Contae Chorcaí a thacaíonn le Daoine Breacaosta agus Comhairle Contae Chorcaí do Dhaoine Scothaosta.

Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as léamh faoina dtaithí ar Athrú Aeráide.

Voices of Experience (pdf).