Comhshaol

Ionaid Díolachán Bia Shoghluaiste agus Bruscar

Tá sé d'oibleagáid ar oibritheoirí ionaid díolachán bia shoghluaiste a dhíolann bia agus deochanna, nó ionaid díolacháin eile amhail iad siúd a dhíolann torthaí feirme, boscaí bruscair oiriúnacha a chur ar fáil i gcomharsanacht a n-ionad. Chomh maith leis sin, ní mór dóibh aon bhruscar a eascraíonn as oibriú a n-ionad díolacháin a ghlanadh suas laistigh de raon 100 méadar óna n-ionad.