Comhshaol

Pleanáil maidir le bainistiú dramhaíola

I Réigiún Dramhaíola an Deiscirt, tá 10 limistéar údaráis áitiúil: Ceatharlach, An Clár, Contae Chorcaí, Cathair Chorcaí, Cathair agus Contae Luimnigh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann, Cathair & Contae Phort Láirge agus Loch Garman.  Clúdaíonn an Réigiún 42% de mhórchríoch na tíre, agus tá daonra de níos mó ná 1.5 milliún duine ann.  Tá na patrúin lonnaíochta sa réigiún roinnte go cothrom idir cheantair uirbeacha agus cheantair tuaithe, agus is ag na ceithre chathair, Corcaigh, Luimneach, Cill Chainnigh agus Port Láirge, atá an daonra is airde agus na hionaid gníomhaíochta geilleagraí is láidre.

Is iad Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus Comhairle Contae Thiobraid Árann na príomhúdaráis sa Réigiún agus bainistíonn siad Oifig um Bainistíocht Dramhaíola Réigiún an Deiscirt.  Comhordaíonn Oifig um Bainistíocht Dramhaíola Réigiún an Deiscirt cur i bhfeidhm Phlean Bainistithe Dramhaíola Réigiún an Deiscirt 2015 – 2021 agus is acmhainn eolais é do gach páirtí leasmhara a bhfuil sé de chumas aige gníomhaíochtaí ardoird a chur chun cinn maidir le cosc, athúsáid, éifeachtúlacht acmhainní agus athchúrsáil.

Is é ról Oifig um Bainistíocht Dramhaíola Réigiún an Deiscirt:

An coiste stiúrtha dramhaíola réigiúnaí a éascú agus freastal air agus na cuspóirí a leagtar amach i bPlean Bainistithe Dramhaíola Réigiún an Deiscirt 2015 – 2021 á gcur i bhfeidhm.  Clár cuspóirí, spriocanna agus táscairí feidhmíochta in ord tosaíochta a fhorbairt le cinntiú go mbainfear aidhmeanna an Phlean amach;

Cabhrú le cuspóirí, polasaithe, gníomhartha agus spriocanna an Phlean a chur i bhfeidhm, agus iad a éascú agus a chomhordú, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla atá ina mbaill de;

Tuarascálacha bliantúla don réigiún a ullmhú mar is gá, ag tuairisciú ar an bhfeidhmíocht de réir gach ceann de na ceannteidil sa Phlean;

Meithleacha tasc ar shaincheisteanna ar leith a bhunú agus a coimeád nuair is ga sin;

Iarratais ar chúnamh deontais do thionscadail réigiúnacha a ullmhú;

Riachtanais oiliúna an réigiúin a aithint, a chomhordú agus a éascú chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Phlean a chinntiú;

Cosc, íoslaghdú, athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola a chur chun cinn go gníomhach i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus i gcomhar le tionscadail, gnólachtaí agus Gníomhaireachtaí eile reachtacha agus neamhreachtacha; agus

Feasacht pobail ar fhadhbanna bainistithe dramhaíola a chothú i gcomhar le hOifigigh Feasachta Comhshaoil i ngach ceann de na húdaráis áitiúil atá ina mbaill.

Cá bhfuil Oifig um Bainistíocht Dramhaíola Réigiún an Deiscirt?

Tá Oifig um Bainistíocht Dramhaíola Réigiún an Deiscirt lonnaithe i dTeach Lios an Fháltaigh, Bóthar Thuar an Daill, Luimneach.

Teil: (061) 496596

Gréasán: southernwasteregion.ie

Seoladh ríomhphoist: info@srwmo.ie