Comhshaol

Salú ag Madraí agus Toxocara Canis

De réir Ailt 22 (den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997), ní cion é ligean do mhadra faoi do rialú salú in áit phoiblí, is cion é, áfach, ligean do do mhadra salú agus mainneachtain den tuar a bhaint agus fáil réidh leis ina dhiaidh sin. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé de cheanglas ortsa, nó ar an duine atá i gceannas ar do mhadra, faecas madra a bhaint agus fáil réidh leis ar bhealach cuí sláintíoch.

Is féidir fíneáil ar an láthair €150 a ghearradh ar úinéir madra nach mbaineann faecas madra ó áit phoiblí, agus is é €3,000 an fíneáil uasta maidir leis an gcion sin.

Mura nglanann tú i ndiaidh do mhadra, d'fhéadfadh daoine, páistí go háirithe, a bheith ionfhabhtaithe le seadán madra, seadán a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le daille. Is péist darb ainm Toxocara canis a dhíchuireann a huibheacha i bhfaecas na madraí é an seadán.

Céard is Toxocara canis ann?

Is cruinnphéist a ionfhabhtaíonn madraí in Éirinn é Toxocara. Is annamh nach mbíonn péisteanna ar mhadra ag am éigin i rith a shaoil, coileán óg go háirithe. I gcás madraí a bhíonn díphéistithe go rialta fiú, d'fhéadfadh roinnt de na péisteanna sin a bheith á n-iompair ag na madraí fós. Bíonn an phéist ina cónaí in ionathar an mhadra agus díchuirtear a huibheacha i bhfaecas an mhadra.

Céard is Toxocariasis ann?

Is ionfhabhtú é Toxocariasis ar féidir le duine é a tholgadh má thagann sé i dteagmháil leis na huibheacha i bhfaecas an mhadra.

Cé nach mbíonn an t-ionfhabhtú tromchúiseach i ndaoine, d'fhéadfadh éifeachtaí tromchúiseacha a bheith ag Toxocariasis ar an tsláinte, amhail an daille. 

Conas a tholgann duine é?

Caithfear na huibheacha a ionghabháil (.i. iad a thógáil isteach sa bhéal agus a shlogadh) sular féidir le duine an t-ionfhabhtú a tholgadh.

D'fhéadfadh sé sin tarlú má láimhsíonn duine cré, gaineamh nó aon ábhar eile atá truaillithe le faecas madra agus má dhéanann sé teagmháil díreach leis an mbéal ina dhiaidh sin sula nitear na lámha.

Is suíomhanna iad gairdíní, áiteanna súgartha agus páirceanna poiblí ar dóchúil go mbeidh siad truaillithe le faecas madra. Is minic a mheallann boscaí gainimh páistí madraí mar áiteanna chun "a ngnó a dhéanamh".

Cé atá i mbaol?

Daoine óga, naíonáin go háirithe, is mó atá i mbaol. Is minic a láimhsíonn siad cré agus earraí salacha. Is mó an seans go gcuirfidh siad a lámha ina mbéil, go lífidh siad a méara, go súfaidh siad a n-ordóga agus go n-íosfaidh siad gan a lámha a ní roimh ré.

Céard iad na hairíonna?

De ghnáth, bíonn toxocariasis ina ionfhabhtú éadrom i ndaoine, cé go bhféadfadh na hairíonna leanúint ar feadh roinnt míonna. Bíonn fiabhras, tinneas ginearálta agus airíonna sa chliabhrach mar chomharthaí sóirt aige. D'fhéadfadh airíonna eile a bheith ar dhuine freisin, amhail pian san abdóman agus gríos ginearálta. I gcásanna mór-bhreoiteachta, d'fhéadfadh an tsúil a bheith buailte, a fhágann go gcaillfear radharc na súile sin. Is annamh a bhíonn an galar marfach.

Conas is féidir é a chosc?

Tá sé ríthábhachtach nach ligeann úinéirí madraí d'fhaecas a madraí fanacht in áiteanna poiblí – bain é agus fáil réidh leis.  Níl de dhíth ach mála clúidín cumhra páiste.

  • Ba cheart do thuismitheoirí a bheith san airdeall ar an mbaol féideartha a bhaineann le peataí teaghlaigh.
  • Ba cheart madraí a dhíphéistiú go rialta; Téigh i gcomhairle le do thréidlia
  • Glan gach faecas madra, cibé acu laistigh den teach nó lasmuigh (áiteanna súgartha go háirithe)
  • Coimeád clúdach ar phoill gainimh agus ar bhoscaí gainimh páistí nuair nach bhfuil siad á n-úsáid.

Cuimhnigh Aon Mhála, Aon Bhosca Bruscair!