Na hEalaíona

Culture 2025 – Éire Ildánach

Tá Heather Humphreys, TD, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta tar éis dréacht den Chreat-Bheartas le haghaidh Éire Ildánach/Culture 2025 a chur faoi bhráid Chomhchoiste an Oireachtais ar na hEalaíona.

Faoi na 7 gcroícholún, leagann an Creat-Bheartas amach sraith de bhearta tosaíochta lena gcur i bhfeidhm ar feadh an Rialtais agus comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear na rudaí seo a leanas:

  • Iniúchadh a dhéanamh ar na córais agus na struchtúir a thacaíonn leis na healaíona agus cultúr
  • Rannpháirtíocht an phobail sna healaíona a mhéadú
  • Maoiniú do na healaíona agus cultúr a mhéadú beagán ar bheagán de réir mar a thagann feabhas ar an ngeilleagar, i gcomhréir leis an ngealltanas sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta
  • Machnamh a dhéanamh ar conas tacaíocht maoinithe neamhrialtasach a spreagadh
  • Iniúchadh a dhéanamh ar chórais reatha le cinntiú gur féidir le níos mó daoine conair ghairme inbhuanaithe sna hearnálacha cultúrtha agus oidhreachta a leanúint
  • Comhar laistigh den earnáil chultúrtha agus idir an earnáil chultúrtha agus tsochaí shibhialta níos leithne a fheabhsú
  • Forbairt a dhéanamh ar an tacaíocht do chultúr na hÉireann go hidirnáisiúnta
  • Machnamh a dhéanamh ar an tslí ar féidir le malartú cultúr cabhrú le naisc láidre a chruthú agus a chothabháil ar oileán na hÉirinn féin agus idir an Bhreatain agus Éire.