Na hEalaíona

Scéim Sparánachtaí d'Ealaíontóirí

Is dámhachtain bliantúil sparánachta é seo a bhfuil sé mar aidhm aici tacú le forbairt chruthaitheach ealaíontóirí gníomhacha atá ina gcónaí i gContae Chorcaí agus ag obair ann. Tá sé ar oscailt d'ealaíontóirí de gach foirm ealaíne. San áireamh leis na tograí tionscadail d'fhéadfaí tograí a chur isteach maidir le maoiniú ar thréimhse taighde nó ar thaighde ar thionscadal sonrach; nó maidir le píosa sonrach oibre a chruthú nó meascán den dá rud. Fáilteofar roimh iarratais ar chomhthionscadail le beirt ealaíontóirí nó níos mó. Is d'ealaíontóirí gníomhacha atá ina gcónaí i gContae Chorcaí amháin atá ar scéim seo ar oscailt. Caithfear gur féidir na tionscadail mohlta a chur i gcrích laistigh de 12 mhí ón dáta bronnta.

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, cliceáil anseo.