Leabharlanna

Faigh Gléas Ceoil ar Iasacht - A Sound Initiative

A Sound Initiative

Is féidir gléas ceoil a ordú ach iarratas a dhéanamh i do leabharlann bhrainse nó i leabharlann taistil áitiúil.

An raibh sé ar intinn agat le fada gléas ceoil a fhoghlaim ach ní raibh tú ag iarraidh gléas costasach a cheannach ar eagla nach dtaitneoidh sé leat?

Tá sé d'aidhm ag an gclár ‘A Sound Initiative’ deis a thabhairt do dhaoine gléas ceoil áirithe a thriail sula socraíonn siad ar shuim shuntasach airgid a chaitheamh ar ghléas ceoil dá gcuid féin.

Conas a oibríonn sé

Is féidir iarraidh ar do bhrainse áitiúil gléas ceoil a ordú isteach duit.

Beidh an bailiúchán ar fáil d'iasachtaithe trí ghréasáin bhrainsí Leabharlann Chontae Chorcaí amháin agus caithfear na gléasanna ceoil a fhaightear ar iasacht a thabhairt ar ais don bhrainse chéanna óna bhfaightear iad.

Is féidir gléas ceoil a fháil ar iasacht ar feadh suas go 3 seachtaine agus d'fhéadfaí é a athnuachan mura bhfuil sé á iarraidh ag duine éigin eile.

Táimid an-bhuíoch do dhaoine a mbronnann gléasanna ceoil.

Na gléasanna atá ar fáil

  • Rogha veidhlíní, lena n-áirítear veidhlíní den mhéid ½ , ¼ agus 1/16
  • Rogha giotár, lena n-áirítear giotáir den mhéid ¾ agus roinnt ghiotár leictreach
  • Rogha méarchlár Casio agus Yamaha
  • Cairdíní pianó do dhaoine fásta agus do pháistí
  • Gléas cleachtaidh drumaí
  • Maindilíní
  • Bodhráin
  • Ucailéilí
  • Bainseónna



Déan teagmháil linn, le do thoil, ar (021) 4546499, nó ag asoundinitiative@corkcoco.ie  má tá gléas ceoil agat ar mhaith leat é a bhronnadh ar an leabharlann.

Chun breathnú ar bheartas Gléasanna Ceoil Leabharlann Chontae Chorcaí agus chun eolas a fháil faoin mbeartas maidir le cúram gléasanna, féach ar na Ceisteanna Coitianta ar an suíomh gréasáin agus ar an Rannóg Beartas agus Fodhlíthe. Féach ar: https://www.corkcoco.ie/library-services/frequently-asked-questions.