Leabharlanna

Ráiteas Príobháideachais um Chosaint Sonraí Le hAghaidh Seirbhísí Leabharlainne

Comhairle Contae Chorcaí Cosaint Sonraí Ráiteas Príobháideachais

Baineann an ráiteas príobháideachais seo lenár gcleachtais phríobháideachais i ndáil leis an suíomh gréasáin seo agus le seirbhísí leabharlainne gaolmhara eile agus leis an gCóras Bainistíochta Leabharlainne. Níl Comhairle Contae Chorcaí freagrach as an ábhar nó as na cleachtais phríobháideachais a bhaineann le suímh ghréasáin eile. Beidh na naisc sheachtracha le suímh ghréasáin eile so-aitheanta go soiléir iontu féin.

Slándáil

Tá Comhairle Contae Chorcaí i ndáiríre faoina cuid freagrachtaí slándála. Bainimid úsáid as bearta cuí fisiciúla agus teicniúla lena n-áirítear córas Rialaithe Rochtana Foirne ag a bhfuil rialuithe iniúchóireachta chomh maith le hoiliúint agus múscailt feasachta le haghaidh baill foirne. Tá nósanna imeachta inmheánacha agus bacainní cosanta ríomhairithe againn chun do shonraí a choimeád chomh slán agus chomh sábháilte agus is féidir linn. Ní féidir linn, áfach, príobháideachas nó rúndacht aon eolais, bíodh sé ag baint leatsa mar úsáideoir nó ná bíodh, a ráthú agus é ag dul tríd an idirlíon trí mheán r-phoist nach bhfuil slán.

Bailiúchán Shonraí Pearsanta an Chustaiméara

Ionas gur féidir linn an tSeirbhís Leabharlainne agus seirbhísí Chóras Bainistithe Aonair Leabharlainne a sholáthair duit, bailímid agus bainimid úsáid as na sonraí a bhaineann leat mar úsáideoir leabharlainne. Ní bhailímid ach amháin an t-eolas a sheolann tú chugainn i ríomhphost, an t-eolas a thugann tú dúinn nuair a roghnaíonn tú ballraíocht leabharlainne a fháil ar líne nó an t-eolas a chuireann tú ar fáil agus tú ag logáil isteach agus ag baint úsáid as ár seirbhísí ar líne. Úsáidtear na sonraí seo chun cuntas an úsáideora leabharlainne a bhainistiú agus a riar ar chúiseanna oibríochtúla. I measc na sonraí sin áirítear:

  • d'ainm,
  • do sheoladh
  • do raon aoise
  • Seoladh Ríomhphoist
  • Uimhir Fón Póca (seirbhís roghnach)

Pléifear le haon fhaisnéis phearsanta a thugtar dúinn ag úsáid na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.

Ní roinnimid do shonraí ach le Leabharlanna Údaráis Áitiúla eile na hÉireann chun chríche seirbhísí leabharlainne comhroinnte agus Córas Bainistithe Aonair Leabharlainne a chur ar fáil agus ní roinnfear iad ach le tríú páirtithe iontaofa eile a thacaíonn linn agus leis an gCóras Bainistithe Aonair Leabharlainne agus a phróiseálann sonraí ar ár son i gcomhréir le comhaontais chuí atá eadrainn maidir le comhroinnt sonraí.

Ní dhéanfaimid teagmháil leat ach amháin má chuireann tú in iúl gur mian leat fógraí a fháil a bhaineann le húsáid na seirbhíse agus gur mian leat fógraí a fháil maidir le himeachtaí leabharlainne a bheidh ar siúl.

An ceart rochtana, ceartaithe agus léirscriosta sonraí

Más mian leat cóip de na sonraí atá againn fút a fháil, is féidir leat scríobh chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí, Comhairle Contae Chorcaí, Halla an Chontae, Bóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh. Cuir isteach leis an litir, le do thoil, an táille cheart (€6.35).

Tá sé de cheart agat freisin aon earráidí san fhaisnéis a choimeádtar fút a cheartú, úsáidí áirithe a chosc nó cur i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta. Caithfear ordú mar seo a chur chugainn i scríbhinn. Pléifear le gach iarratas chomh luath agus is féidir agus ní thógfaidh sé níos mó ná 40 lá chun an t-iarratas a phróiseáil.

Athruithe ar ár Ráiteas Príobháideachais

Má athraímid ár mbeartas príobháideachais, fógróimid na hathruithe ar an leathanach seo ionas go mbeidh tú ar an eolas i gcónaí maidir leis an fhaisnéis a bhailímid agus leis an úsáid a bhainimid as. Má leanann tú ort de bheith ag úsáid na seirbhíse, ciallóidh sin go nglacann tú le haon athruithe den sórt sin.