Airgeadais

Athnuachan Mótarchánach ar Líne

Feithiclí ar féidir cáin a chur orthu Ar Líne:

  • Carranna príobháideacha
  • Gluaisrothair
  • Feithiclí Díolmhaithe
  • Tarracóirí Talmhaíochta, Tochaltóirí agus Comhbhuainteoirí
  • Dumpairí, Dumpairí Eisbhóthair agus Forcardaitheoirí
  • Eileatraim
  • Feithiclí Seanré

Agus na hathnuachana seo a leanas ar an gcuntar amháin go bhfuil Deimhniú Ródacmhainneachta (DRA) bailí acu:

  • Feithiclí Earraí
  • Tarracóirí Tarlaithe Ginearálta,
  • Mótarcharbháin
  • Meaisíní Soghluaiste
  • Feithiclí Tarrthála

Is féidir athnuachan a dhéanamh ar líne anseo.

Mura bhfuil d'aicme cánach liostaithe, déan teagmháil leis an Oifig Mótarchánach maidir le cáin a chur ar d'fheithicil:

Uimh. theileafóin (021) 4544566