Airgeadais

Uimhir Aitheantais Phearsanta (UAP)

Don tSeirbhís Mótarchánach Ar Líne / Mótarchánach ar an nGuthán

Chun mótarcháin feithicle a athnuachan, tá d'Uimhir Aitheantais Phearsanta (UAP) priontáilte ar d'fhógra athnuachana.

Ní athróidh uimhir UAP na feithicle ach amháin má thiocfaidh athrú ar úinéireacht na feithicle nó go dtí go n-eiseofar DCF eile don fheithicil. Is ionann an UAP agus na sé uimhir dheireanacha den uimhir DCF.  Tá an uimhir DCF le fáil os cionn na cláirsí ar an chéad leathanach den DCF.

D'fheithiclí úrnua/iompórtáilte, úsáidtear na sé uimhir dheireanacha den uimhir fonnaidh mar UAP nuair atá an fheithicil á cur faoi cháin don chéad uair ar líne. Mótarcháin ar Líne

Má tá ceist agat maidir le huimhreacha UAP, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ag (0818) 411 412 nó ríomhphost a sheoladh chuig motortax@dttas.ie.