Pleanáil agus Forbairt

Scéim Rannchuidithe um Fhorbairt Charraig an Uisce

SCÉIM RANNÍOCAÍ FORBARTHA CHARRAIG AN UISCE 2021-2041

Alt 48 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Arna Leasú)

Tugtar fógra leis seo go bhfuil Comhairle Contae Chorcaí tar éis Scéim Ranníocaí Forbartha Charraig an Uisce 2021-2041 a ghlacadh le rún i gcomhréir le forálacha an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) do Limistéar na Scéime, suite sna bailte fearainn seo: Carraig an Uisce, Cnocán Ghrífín, Cnoc na nGabhar Thiar, An Currach, Baile Risteaird Mór, Mainistir na Corann, Contae Chorcaí.

Is iad seo a leanas na rátaí ranníoca faoi Scéim Ranníocaí Forbartha Charraig an Uisce:

Cur Síos ar Fhorbairt

An méid ranníoca a bhaineann go sonrach le Carraig an Uisce atá iníoctha in aghaidh an mhéadair chearnaigh (€)

An méid ranníoca ar fud an chontae atá iníoctha in aghaidh an mhéadair chearnaigh (€)

Forbairt Chónaithe

56.40

11.22

Forbairt Neamhchónaithe

66.49

16.83 as oifig / miondíol 

5.60 as trádstóras / stóras dúnta 

3.82 as gairneoireacht 

5.60 as cineálacha eile

 Tá éifeacht le Scéim Ranníocaí Forbartha Charraig an Uisce 2021-2041 ón 26 Aibreán 2021.

Tá cóip de Scéim Ranníocaí Forbartha Charraig an Uisce 2021-2041 ar fáil don phobal lena iniúchadh in 'Doiciméid' thíos; nó sa Rannóg Pleanála, Áras an Chontae, Corcaigh.

 An Stiúrthóir Seirbhísí,

Pleanála agus Forbartha.

30/04/2021

Doiciméid:

Scéim Ranníocaí Forbartha Charraig an Uisce 2021-2041 (pdf)