Pobal

Ciste Éire Shláintiúil

I 2016 cheadaigh an rialtas Ciste Náisiúnta Éire Sláintiúil a bhunú le leithdháileadh tosaigh de € 5 milliún.

Fógraíodh leithdháileadh do Bhabhta 3 i lár 2019, leithdháileadh € 422,050k ar Chontae Chorcaí a chlúdaíonn tréimhse dhá bhliain.

Tá ocht ngníomh aitheanta faoi 9 dtéama ainmnithe ag ár gComhordaitheoir um Éire Sláintiúil i gcomhair le Fochoiste Éire Sláintiúil LCDC. Cheadaigh na trí choiste LCDC na gníomhartha seo i Meán Fómhair 2019 agus tá cead críochnaitheach faighte acu anois ón Roinn.

I measc na dtionscnaimh eile tá:

  • Straitéis Forfheidhmithe a chur le chéile thar cheann do Chontae Chorcaí, le seoladh i 2020
  • Corcaigh, Contae Sláintiúil - tá iarratas curtha isteach faoi Chathracha agus Chontaetha Sláintiúla
  • Comhoibrithe agus tionscnaimh eile a aithint
  • Ceann dár dtionscnaimh faoi chiste Éire Sláintiúil ba ea an rolladh amach dár gcéad imeachta do Teen Talk i 2018, do mhic léinn Idirbhliain, leathnaíodh ar seo i 2019 le trí imeacht a reáchtáil, ceann i ngach réimse LCDC. D’fhreastail 1,200 dalta idirbhliain san iomlán ag na himeachtaí, ag ionadaíocht do 40 scoil, agus d’éirigh go hiontach leis. Tá an-áthas orainn go raibh an tionscnamh seo de Chomhairle Contae Chorcaí ar an ngearrliosta faoi Dhámhachtain Chambers Ireland ar son Barr Feabhais sa Rialtas Áitiúil sa chatagóir Sláinte & Folláine.

Beartaíodh trí imeacht eile do Mhárta / Aibreán 2020 agus cuireadh ócáid nua leis do Thuismitheoirí & Múinteoirí ar a dtugtar Gen Z. Ar an drochuair, mar gheall ar an ráig reatha de víreas corónach, bhí orainn iad seo a chur ar ceal. Tar éis ár n-imeachtaí Teen Talk a chealú, chuireamar tús leis na himeachtaí a thabhairt ar líne. Tá agallaimh fhíse á ndéanamh lenár gcainteoirí go léir agus cuirfear na físeáin seo ar fáil chuig cainéal  Cork County Council YouTube channel agus cuireadh eolas fúthu amach trí na Meáin Shóisialta Dé Máirt, 7 Aibreán.

Seol ríomhphost chuig TeenTalks@corkcoco.ie le haon cheisteanna, tuairimí nó freagairtí a d’fhéadfadh a bheith agat.

Téir chuig cainéal  Cork County Council YouTube chun ár gcraoladh gréasáin do Dhéagóirí a fheiscint.