Pobal

LEADER 2014-2020

An Clár um Fhorbairt Tuaithe 2014-2020 (LEADER)

Bhunaigh an Coimisiún Eorpach an Tionscnamh LEADER (Liaisons entre actions de developpement de l’économie rurale) i 1991.

Beartaíodh LEADER chun cabhrú le pobail tuaithe inbhuanaithe a fhorbairt tar éis athchóirithe an Chomhbheartais Talmhaíochta. Cuireann sé cur chuige ‘ón mbun aníos’ chun cinn maidir le forbairt tuaithe, agus déantar pleananna gnó a chur i bhfeidhm agus cinntí maidir le maoiniú do thionscadail ar leibhéal náisiúnta.

Sainíodh trí chuspóir straitéiseacha do bheartas Forbartha Tuaithe an Aontais Eorpaigh sa chlárthréimhse 2014-2020:

  • Iomaíochas na talmhaíochta a fheabhsú
  • Acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus gníomhaíocht ar son na haeráide
  • Forbairt chothrom chríochach i gceantair thuaithe.

Déanann 6 thosaíocht cur síos níos mionsonraithe ar na cuspóirí ginearálta sin:

  • Aistriú eolais sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht agus i gceantair tuaithe a chothú
  • Cur le hiomaíochas gach cineál talmhaíochta agus inmharthanacht feirmeacha
  • Eagrú an tslabhra bia agus bainistiú riosca sa talmhaíochta a chur chun cinn
  • Éiceachórais atá ag brath ar thalmhaíocht agus ar fhoraoiseacht a athshlánú, a chaomhnú agus a fheabhsú
  • Éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn agus tacú leis an athrú go geilleagar ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de in earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoiseachta
  • Cuimsiú sóisialta, laghdú bochtaineachta agus forbairt eacnamaíoch i limistéir thuaithe a chur chun cinn.

 Arna oibriú ag 3 Choiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) /Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil (LAG) i gcomhar le 6 Chuideachta Forbartha Áitiúil::

  • Comhpháirtíocht Abhainn Dhubh/na hAbhann Móire Teoranta
  • IRD Dhúiche Ealla Teo
  • Comhpháirtíocht SECAD
  • Forbairt Bhealach Abhra Teo
  • Comhar na nOileán
  • Údarás na Gaeltachta

Tá  ag na figiúirí seo a leanas i bhfeidhm ón 31ú Nollaig, 2019:

  • Faomhadh 159 Tionscadal san iomlán ar luach € 7.5M 
  • Faoi Thionscnamh Bia LEADER (leithdháileadh náisiúnta ar leithligh de € 5M), ceadaíodh 14 thionscadal san iomlán, ar luach de € 726,944 le cruthú féideartha do suas le 45 deis fhostaíochta nua 
  • Faoin gClár Trasnáisiúnta / Comhoibrithe (leithdháileadh náisiúnta ar leithligh de € 10M) ceadaíodh 10 dtionscadal san iomlán, ar de luach €395,256

Tuilleadh eolais:

LEADER Chorcaí Thiar: leaderwestcork.com

LEADER Chorcaí Theas: leadersouthcork.com

LEADER Chorcaí Thuaidh: leadernorthcork.com

leader logo