Titiocht

Conas a Dhéanaim Iarratas?

Pléann an Rannóg um Leithdháilte Tithíochta le tithíocht a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil measúnú déanta orthu faoi Scéim Leithdháilte na Comhairle agus a mheastar go bhfuil siad incháilithe le haghaidh tacaíocht tithíochta shóisialta. Cuirtear iarratasóirí incháilithe ar liosta tithíochta na Comhairle in ord dháta na n-iarratas agus dul chun cinn ar bhonn 'Am ar an Liosta' i.e. leithdháiltear an chéad teach eile atá ar fáil ar an gcéad iarratasóir ar an liosta. Ní mór Foirm Iarratais ar Thithíocht Shóisialta (pdf) agus an cháipéisíocht thacaíochta a chur isteach. 

Tá gach ceann de na roghanna thíos mar chuid de Thacaíocht Tithíochta Shóisialta:

  • Tithíocht Údaráis Áitiúil ar Cíos
  • Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
  • Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC)
  • Aonad Léasaithe
  • Tithíocht Dheonach/Comharthithíocht
  • Suíomh le haghaidh Teach Príobháideach
  • Cóiríocht don Lucht Siúil ar Leithligh
  • Aistriú ó Chóiríocht Údaráis Áitiúil reatha
  • Síneadh a chur le Teach Údaráis Áitiúil reatha chun riachtanais chóiríochta a chomhlíonadh

Le tuilleadh faisnéise a fháil úsáid ár bhfoirm fiosrúcháin ar líne don cheantar ina bhfuil tú:

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Theas, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Áras an Chontae, Corcaigh
Teil: 021 4285368 nó úsáid ár  bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne.

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí.
Teil: 022 21123 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne.

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Thiar, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Sráid an Cheantaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí 
Teil: 023 8833328 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne.