Titiocht

Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)

Is cineál tacaíochta a chuireann Comhairle Contae Chorcaí ar fáil i leith tithíocht shóisialta í an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT). Cuireann ÍCT ar chumas údaráis áitiúla cúnamh tithíochta a thabhairt do theaghlaigh a cháilíonn le haghaidh tacaíocht i leith tithíocht shóisialta, lena n-áirítear go leor teaghlach a bhfuil forlíonadh cíosa á fháil acu le fada.

Faoin scéim ÍCT, déanfaidh na húdaráis áitiúla íocaíocht mhíosúil leis an tiarna talún thar ceann an tionónta ÍCT, faoi réir téarmaí agus choinníollacha lena n-áirítear teorainneacha cíosa. Chun é sin a chúiteamh, íocann an tionónta ÍCT ranníocaíocht sheachtainiúil faoi choinne an chíosa leis an údarás áitiúil. Tá an 'ranníocaíocht chíosa' sin bunaithe ar ioncam an teaghlaigh. Ríomhtar é seo ar an mbealach céanna agus a ríomhtar an cíos ag tionónta réadmhaoine atá faoi úinéireacht an údaráis áitiúil.

  • Is cineál nua tacaíochta tithíochta í an ÍCT a chuireann údaráis áitiúla ar fáil do theaghlaigh a cháilíonn le haghaidh tacaíocht i leith tithíocht shóisialta, lena n-áirítear go leor teaghlach a bhfuil forlíonadh cíosa á fháil acu le fada
  • Déanann an Chomhairle an íocaíocht cíosa iomlán don tiarna talún faoi réir uasteorainneacha atá leagtha síos maidir le méid teaghlaigh agus íocann tionóntaí ioncam seachtainiúil bunaithe ar an gcíos sin leis an gComhairle
  • Tá na teaghlaigh a fhaigheann cúnamh faoin scéim ÍCT freagrach as a gcuid cóiríochta féin a aimsiú ar an margadh cíosa príobháideach
  • Féadann teaghlaigh a fhaigheann cúnamh faoin scéim ÍCT rochtain a fháil ar thacaíochtaí eile a sholáthraíonn údaráis áitiúla i leith tithíocht shóisialta, tacaíochtaí amhail tithíocht shóisialta chaighdeánach nó tithíocht a chuireann Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta ar fáil
  • Is í aidhm na scéime ná córas tacaíochta tithíochta níos comhtháite a chur ar fáil a thabharfaidh rochtain níos fearr ar thacaíochtaí tithíochta sóisialta trí chomhlacht amháin, an t-údarás áitiúil, agus a chuirfidh ar chumas iad siúd a fhaigheann cúnamh fostaíocht lánaimseartha a ghlacadh agus an tacaíocht tithíochta a choinneáil ag an am céanna

Is féidir tuilleadh eolais a fháil sa Bileog Eolais faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (pdf) 

Sonraí Teagmhála: Aonad ÍCT, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh.
Teil: 021 4285079 Seoladh ríomhphoist: hap@corkcoco.ie  nó bain úsáid as ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne.