Siúlbhealaí, Raonta agus Rianta

Gach bliain, bíonn líon ard cuairteoirí ag taiscéalaíocht go ciúin ar shiúlbhealaí, raonta agus rianta líonmhara Chontae Chorcaí, ag a bhfuil meascán uathúil d'fhlóra agus fána, stai, agus tírdhreach.

Áirítear leis sin Glasbhealaí, a bhfuil Comhairle Contae Chorcaí á bhfiosrú go gníomhach i gCorcaí Thiar, i gCionn tSáile agus i gCarraig Uí Leighin. Sainmhínítear Glasbhealach mar bhealach easbhóthair cónasctha rothaíochta agus siúil agus/nó rian áineasa forbartha ar feadh línte tréigthe iarnróid, conair fhóntais nó spásanna nádúrtha oscailte líneacha amhail bruacha abhann. 

D'fhorbair Comhairle Contae Chorcaí Beartas um Rianta don Turasóireacht, ar ghlac an Chomhairle Iomlán leis i mí na Nollag 2015.

Is é an sprioc atá ag an mbeartas ná Corcaigh a fhorbairt mar cheann scríbe tarraingteach do rianta a mbainfidh cónaitheoirí agus cuairteoirí intíre agus idirnáisiúnta sult astu, 'Eispéireas Riain' foriomlán a fhorbairt trí chur leis na háiseanna agus na seirbhísí atá ar fáil agus tionchar geilleagrach na rianta a uasmhéadú ag an am céanna. Trí na rianta a chur chun cinn, tá sé d'aidhm ag an mbeartas tacú le hathghiniúint tuaithe, forbairt gheilleagrach agus an turasóireacht ar bhealach inbhuanaithe. 

Faoi láthair, tacaíonn Comhairle Contae Chorcaí le ceithre shiúlbhealach shuntasacha i gCorcaigh:

Slí na Dubhabhann (Slite Dhúiche Ealla agus na hAbhann Duibhe le chéile): fadshlí líneach siúil 168 km a théann ó theorainneacha Chontae Phort Láirge thiar, trí Chontae Chorcaí thuaidh agus isteach i gContae Chiarraí, ag leanúint ghleann na Dubhabhann. Tá sí mar chuid de shlí E8 na hEorpa.

Slí Bhealach Eabhra: fadshlí siúil 98km a théann trí Chorcaigh Thuaidh, Luimneach agus Tiobraid Árann. Téann an slí thar cheithre réimse sléibhe, ceann fada amháin thar Shléibhte Bhealach Eabhra (an pointe is airde ag Mullach Shuí Finn, 510 méadar), dhá cheann ghairide thar Bhinn Uí Bhuachalla agus an Sliabh Riabhach, agus trasnú fada ansin ar an taobh theas de dhroim Shliabh Muice, agus radharc uaidh ar Ghleann Eatharlaí álainn. 

Slí Bhéarra: cuarshlí 196km trí radharc tíre sléibhte creagacha maorga agus cósta. Is rinn fhada shléibhtiúil 48km é Béarra, i gContae Chiarraí agus i gContae Chorcaí, a shíneann amach san Aigéan Atlantach. Ceantar measartha iargúlta, seans gurb í an áit is lú millte i réigiún an iardheiscirt.

Is í Rinn Mhuintir Bháire an rinn talún is cúinge a shíneann thiar theas ó mhórthír na hÉireann amach san Atlantach, idir Bhá Bheanntraí agus Bhá Dhún Mánais. Tá Slí Rinn Mhuintir Bháire 175km ar fad ar an iomlán. Is éard atá i gceist leis ná cuarshli siúil 88km a thosaíonn i mbaile Bheanntraí i gContae Chorcaí agus a théann feadh chósta thuaidh na leithinse go dtí an teach solais scéimhe ag an ngob sula dtagann sé ar ais feadh an taoibh theas, ag dul trí shráidbhailte gleoite Chill Chrócháin, Ahakista agus Dhúrais, agus faightear an 87km sa bhreis ar na síntí go dtí Drom Dhá Liag agus an Chaolchoill ó thuaidh. 

Ta réimse mór siúlbhealaí agus rianta áille eile sa chontae gur féidir leat triail a bhaint astu. Tá an-chuid faisnéise ag Comhairle Spóirt na hÉireann maidir leis an réimse gníomhaíochtaí siúil, siúlóireachta agus rothaíochta is féidir a dhéanamh i gContae Chorcaí. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo.