Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

CUTLER

Is tionscadal H2020 é CUTLER atá maoinithe ag an AE agus a spreagfaidh athrú ó dhéanamh beartais, atá bunaithe den chuid is mó ar iomas, chuig cur chuige bunaithe ar fhianaise a chumasaíonn Olltiomsú Sonraí. Baintear úsáid as modhanna faoi chomhair anailísíocht olltiomsú sonraí chun ghníomhaíocht gheilleagrach a thomhais, chun an tionchar ar an gcomhshaol a mheas agus na hiarmhairtí sóisialta a luacháil. Cuirfidh na huirlisí a fhorbrófar tríd an tionscadal seo fianaise ar fáil a chuirfidh bonn eolais faoi na cinntí a dhéanann lucht déanta beartas agus a chuirfidh comhairle orthu, a dhéanfaidh monatóireacht orthu, a dhéanfaidh iad a mheas agus iad athcheartú más gá.

Déanfaidh an tionscadal píolótach i gCorcaigh iniúchadh ar na tionchair chomhshaoil, gheilleagracha agus shóisialta a bheidh ag Máistirphlean Camden Fort Meagher ar Cheantar Cósta Bhun an Tábhairne agus a chuimsíonn dobharcheantar/inbhear na hAbhann Buí. Díreoidh an tionscadal píolótach ar phróiseas/cás Mheasúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST) hipitéiseach a sheachadadh do Mháistirphlean Camden Fort Meagher, a dhéanfar a chorprú ar deireadh isteach i bPlean Ceantair Áitiúil an Cheantair Bardasaigh Reachtúil don todhchaí. 

Díreoidh an tionscadal píolótach ar Olltiomsú Sonraí agus ar úsáid a bhaint as sonraí braiteora agus statach atá ann cheana. Díreoidh na tacair shonraí ar ghnéithe chomhshaoil, gheilleagracha agus shóisialta Camden Fort Meagher agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige mar lárionad gnó/turasóireachta ar lonnaíocht Bhun an Tábhairne.

Beidh seo ináirithe ar na tacair shonraí ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

  • Sonraí ar cháilíocht uisce don Abhainn Bhuí agus dá hInbhear
  • tacair shonraí gheilleagracha – (CSO, Small Stats, LECP etc)
  • Eolas turasóireachta & cuairteora
  • Idirghníomhaíocht Mheáin Shóisialta

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an tionscadal ag www.cutler-h2020.eu

Thacaigh tionscadal CUTLER de chuid EU Horizon 2020 leis an obair seo: Forbairt Uirbeach Chósta trí na Lenses of Resiliency, faoi uimhir chonartha. 770469 (www.cutler-h2020.eu).

Cutler Logo