Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Plean Gníomhaíochta don Jabchruthúchán

Plean Gníomhaíochta an Iardheiscirt don Jabchruthúchán

Cuimsíonn Plean Gníomhaíochta an Rialtais don Jabchruthúchán 2015 tiomantas d'fhorbairt agus foilsiú svít Pleananna Gníomhaíochta réigiúnacha chun tacú le fás agus jabchruthúchán, chomh maith le tairbhe a bhaint as láidreachtaí agus deiseanna gach réigiún.

Tá sé de chuspóir ag Plean Gníomhaíochta an Iardheiscirt um Jabchruthúchán, (ag glacadh 261 gníomh comhoibríoch) a seoladh in Iúil 2015, 40,000 post nua a chur ar fáil i gcontaetha Chorcaí agus Chiarraí roimh 2020. I measc na bpríomhspriocanna a bhaineann leis an gcuspóir seo ná méadú 40-50% a bhaint amach i líon na ngnólachtaí nuathionscanta sa réigiún; méadú 20% i bhfostaíocht chuideachtaí easpórtála, rud a bhainfear amach trí líon na n-infheistíochtaí ÚFT sa réigiún a mhéadú 30-40% roimh 2019; agus méadú 33% i líon na dturasóirí a bhaint amach chomh maith le méadú 40% in ioncam eachtrach ón earnáil sin.

Seo a leanas roinnt de na hearnálacha atáthar ag díriú orthu mar chuid den phlean seo: an gnó agraibhia, seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta agus an gnó domhanda, turasóireacht, déantúsaíocht, agus TFC, lena n-áirítear earnálacha éiritheacha ardacmhainneachta amhail an earnáil ilmheán/inneachair agus an geilleagar glas, fuinnimh, agus mara.

Ónar seoladh an Plean, táthar ag díriú isteach ar struchtúr feidhmithe cuimsitheach a chur ar bun. Bunaíodh Coiste Feidhmithe Réigiúnach, a bhfuil Bob Savage, Bainisteoir Ginearálta, Ionaid Barr Feabhais EMEA le haghidh DELL EMC, ina chathaoirleach air. Tá príomhpháirtithe leasmhara sa réigiún atá mar bhaill den Choiste ag obair i gcomhar leis na Enterprise Champions - ionadaithe sinsearacha ón earnáil phríobháideacha a ainmnítear - chun maoirsiú agus monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn. Rinneadh an chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le cur i bhfeidhm an Phlean, a chlúdaíonn an tréimhse go dtí deireadh mhí Meithimh 2016, curtha i gcrích agus foilsíodh é sa cheathrú ráithe de 2016.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil le Alma Murnane, Bainisteoir Cláir, Plean Gníomhaíochta an Iardheiscirt don Jabchruthúchán.

Fón póca 087-7972839

https://www.djei.ie/en/Publications/APJ-South-West-Region.html

 

Action Plan For Jobs