Na hEalaíona

Sparánacht Fondúireacht Bhaile an Ghleanna

Cuireann Comhairle Contae Chorcaí fáilte roimh iarratais ar Dhámhachtain Sparánachta le haghaidh cónaitheacht ag Fondúireacht Ealaíon Bhaile an Ghleanna ar feadh tréimhse dhá seachtaine in 2017.

Eagraíocht Éireannach neamhbhrabúis atá lonnaithe i sráidbhaile Bhaile an Chaisil ar chósta Mhaigh Eo Thuaidh is ea é Fondúireacht Ealaíon Bhaile an Ghleanna. Tá a cláir ceaptha le tacú le fíorealaíontóirí chun obair thábhachtach a chruthú faoi choinníollacha foirfe spreagúla. Tugann an Dámhachtain Sparánachta seo an deis d'amharc-ealaíontóirí atá ina gcónaí i gContae Chorcaí obair le hais a chéile le healaíontóirí eile de chuid na hÉireann agus ealaíontóirí idirnáisiúnta sa suíomh uathúil seo.

Mar chuid den dámhachtain, beidh stiúideo lánfheistithe in Ionad Bhaile an Ghleanna a saintógadh, tacaíocht fhoirne Bhaile an Ghleanna agus úsáid teachín dhá/trí sheomra leapa. Táthar ag súil go spreagadh agus go rachaidh an deis seo chun tairbhe ealaíontóirí cruthaithe agus ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn chun a gcleachtas a fhorbairt..

INCHÁILITHEACHT

• Tá an sparánacht seo oscailte do chleachtóirí na n-amharc-ealaíona go léir, atá ina gcónaí i gcontae Chorcaí faoi láthair.

• Ní mór d'iarratasóirí a bheith 18 mbliana d'aois nó níos sine

• Ba cheart go bhfuil gaisce suntasach déanta ag na hiarratasóirí ina rogha réimse cheana féin. De ghnáth, ciallaíonn sé sin gur cheart go raibh taispeántais duine aonair i ngailearaithe a bhfuil dea-chlú orthu ag ealaíontóirí. Mura raibh, ní mór don iarratasóir an-phoitéinseal a léiriú arna chruthú le teistiméireachtaí nó tacaíocht i bhfoirmeacha eile le daoine seanbhunaithe sna healaíona.

• Ní féidir le healaíontóirí a d'fhan ag Fondúireacht Ealaíon Bhaile an Ghleanna roimhe iarratas a dhéanamh.

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, cliceáil anseo.