Titiocht

Tithíocht Ceisteanna Coitianta

Déileálann an Rannóg Leithdháilte Tithíochta le tithíocht a sholáthar do dhaoine a bhfuil measúnú déanta orthu faoi Scéim Leithdháileacháin na Comhairle agus a meastar a bheith incháilithe do thacaíocht tithíochta shóisialta. Cuirtear iarratasóirí incháilithe ar liosta tithíochta na Comhairle in ord an dháta iarratais agus dul chun cinn ar bhonn 'Am ar Liosta' i.e. faigheann an chéad iarratasóir eile ar an liosta an chéad teach eile atá ar fáil. Caithfear Foirm Iarratais ar Thithíocht Sóisialta (pdf) chomh maith le cáipéisíocht tacaíochta a chur isteach. 

Cuimsíonn Tacaíocht do Thithíocht Shóisialta na roghanna ar fad atá liostaithe thíos.

  • Tithíocht Údaráis Áitiúil ar Cíos
  • Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
  • Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC)
  • Aonad ar Cíos
  • Tithíocht Deonach/Chomhoibríoch
  • Láithreán do Theach Príobháideach
  • Cóiríocht don Lucht Siúil ar Leithligh
  • Aistriú ó Chóiríocht Údaráis Áitiúil reatha
  • Síneadh le Teach Údaráis Áitiúil chun freastal ar riachtanais chóiríochta

Chun tuilleadh eolais a fháil bain úsáid as ár bhfoirm fiosrúcháin ar líne thíos don cheantar ina bhfuil tú:

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Theas, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh

Teil: 021 4285501, Teil: 021 4285215, Teil: 021 4285332, Teil: 021 4285327, Teil: 021 4285265 nó úsáid ár  Foirm Fiosrúcháin ar Líne

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí.

Teil: 022 21123 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne

Oibríochtaí Roinne Chorcaigh Thiar, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Sráid an Cheantaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí 

Teil: 023 8833328 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne

Cáilíonn tú do Thithíocht Sóisialta má:

  • Tá fíor-ghá agat le tithíocht agus nach bhfuil tú in ann cóiríocht a chur ar fáil ó do chuid acmhainní féin
  • Tá ceart dlíthiúil agat fanacht sa Stát ar bhonn fadtéarma
  • Tá tú ocht mbliana déag nó os a chionn
  • Tá glanioncam agat faoi na tairseacha atá liostaithe

Céard iad na tairseacha ioncaim uasta do Chontae Chorcaí?

Tá ioncam bunaithe ar ioncam gach ball teaghlaigh. Ní mór go mbeidh glanioncam bliantúil níos lú ná €35,000 ag teaghlaigh. Is éard atá i nglanioncam ná pá comhlán agus/nó ioncam eile lúide asbhaintí reachtúla. Mar shampla, má tá duine amháin sa teaghlach ag obair agus na daoine eile ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh, cuirfear an t-ioncam sin ar fad san áireamh don tástáil acmhainne. Féadfar an teorainn €35,000 a mhéadú €1,750 in aghaidh an bhaill teaghlaigh/an tsaothraí sa bhreis suas le huasmhéid €3,500 agus €875 in aghaidh an linbh chleithiúnaigh faoi réir gan uasmhéid. Féach na samplaí seo a leanas:

Cineál Teaghlaigh Teorainn ioncaim Ioncam Glan Uasta Seachtainiúil
Duine Aonair gan aon pháiste €35,000 €671
Beirt gan aon pháiste €36,750 €705
Duine Amháin Teaghlach le leanbh amháin €35,875 €688
OTeaghlach Duine Amháin le beirt leanaí €36,750 €705
TTeaghlach Beirte le leanbh amháin €37,625 €722
Beirt Teaghlach le 3 leanbh €39,375 €755
Trí Teaghlach le 4 leanbh €42,000 €806

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar thástáil mhaoine agus incháilitheacht ar Foirm Iarratais ar Thithíocht Sóisialta (pdf) faoi chuid C9.

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Theas, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh
Teil: 021 4285501, Teil: 021 4285215, Teil: 021 4285332, Teil: 021 4285327, Teil: 021 4285265 nó úsáid ár  Foirm Fiosrúcháin ar Líne

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí.
Teil: 022 21123 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne

Oibríochtaí Roinne Chorcaigh Thiar, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Sráid an Cheantaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí 
Teil: 023 8833328 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne

Tá próiseas tugtha isteach ag Comhairle Contae Chorcaí ar a dtugtar Próiseas Réitigh Riaráistí Morgáiste (PRRM) chun tacú le iasachtaithe atá i dtrioblóid.

Má tá tú i riaráistí faoi láthair, nó i mbaol a bheith i riaráistí, déan teagmháil linn le do thoil ag Teil: 021 4285262 nó 021 4285059. Tá foireann tiomnaithe Riaráistí Morgáiste againn a dhéanfaidh plé ar do staid ar leith agus a dhéanfaidh na roghanna éagsúla atá agat a scrúdú leat, agus é ar intinn acu rogha íocaíochta malartach a shocrú a bheidh oiriúnach duitse agus do Chomhairle Contae Chorcaí araon.  Tá Leabhrán Eolais d'Iasachtaithe (pdf) ar fáil.

Chun go mbeidh muid in ann cabhrú leat ní mór dúinn figiúirí ioncaim agus caiteachais cothrom le dáta a fháil. Caithfidh tú foirm ar a dtugtar Ráiteas Airgeadais Caighdeánach (pdf) a chomhlánú. Is é atá anseo go bunúsach ná taifead d'ioncam uile an teaghlaigh (leas sóisialach, fostaíocht, etc) agus eisíocaíochtaí (bia, morgáiste, iasachtaí, árachas, etc.). Ní mór duit an fhoirm seo a chomhlánú go hiomlán agus é a sheoladh isteach mar aon le aon cháipéisíocht ábhartha; amhail 3 dhuillín pá is deireanaí, 3 dhuillín leasa shóisialaigh is deireanaí nó ráiteas leasa shóisialaigh a fuair tú le déanaí, ráitis bainc ar na 6 mhí is déanaí do gach cuntas bainc, ráiteas 6 mhí maidir le gach cárta creidmheasa atá i seilbh agus ráitis maidir le haon iasacht a d'fhéadfadh a bheith agat, etc.  Tá treoir eisithe ag an mBanc Ceannais chun an Ráiteas Airgeadais Chaighdeánach a chomhlánú agus tá sé ar fáil thíos.  

Nuair atá do Ráiteas Airgeadais Chaighdeánach comhlánaithe go hiomlán agat agus go bhfuil sé curtha isteach mar aon le cáipéisíocht tacaíochta, ba chóir duit é a sheoladh chuig: Bailiúcháin Iasachtaí Tithíochta, An Rannóg Airgeadais, Síneadh Urlár 5, Halla an Chontae, Corcaigh. Tar éis measúnú a dhéanamh ar a bhfuil seolta isteach agat, déanfaidh ball den Fhoireann Riaráistí Morgáiste ón ár Rannán Bailiúcháin Iasachtaí Tithíochta teagmháil leat chun do staid agus an Iasacht Tithíochta a phlé níos mionsonraithe.  Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le d'aisíocaíocht ar mhorgáiste míosúil, ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ar Teil: 021 4285262 nó 021 4285059.

Cé nach féidir linn iasachtaí, nó cuid d'iasachtaí nó riaráistí a dhíscríobh, oibreoimid leat le hiarracht teacht ar shocrú malartach aisíocaíochta a bheidh ábhartha do chúinsí ar leith.

Ba chóir béim a chur air, go leanann tusa, an t-iasachtaí ainmnithe ar an iasacht tithíochta, freagrach i gcónaí maidir leis an iasacht a íoc.

Tá (pdf) modhanna éagsúla ann chun d'Iasacht Tithíochta a íoc le Comhairle Contae Chorcaí ar a n-áirítear íocaíocht bhuanordaithe le cárta ar an teileafón (Teil: 021 4285262 nó 021 4285059), le seic, nó le hairgead tirim ag an oifig airgid tirim in Áras an Chontae, Bóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh. Is é an modh íocaíochta is fearr linn ná buanordú (pdf).  Tabhair ar aird go gcaithfidh tú d'uimhir Cuntais um Iasacht Tithíochta a chur le gach íocaíocht le Comhairle Contae Chorcaí.  

Oibríonn Comhairle Contae Chorcaí mar d'iasachtóir leat go gníomhach chun cabhrú leat do riaráistí morgáiste a bhainistiú.



Naisc Úsáideacha

Leabhrán Eolais d'Iasachtaithe (pdf)

Ráiteas Airgeadais Chaighdeánach (pdf)

An Banc Ceannais, Treoir um Ráiteas Airgeadais Chaighdeánach a Chomhlánú (pdf)

Foirm Bhuanordaithe (pdf)

Comhairle Airgid & Seirbhís Bhuiséadaithe 

Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann

Seilbh a Choinneáil ar do Theach

Déan Teagmháil Linn: Bailiúcháin Iasachtaí Tithíochta, An Rannóg Airgeadais, Síneadh Urlár 5, Halla an Chontae, Corcaigh. Teil021 4285262 nó 021 4285059.

Is féidir le tionóntaí de chuid na Comhairle, lena n-áirítear tionóntaí in áiteanna cónaithe a chuirtear ar fáil de réir an Tionscnaimh um Léasú ar Thithíocht Shóisialta, SCC, ICT nó CCTanna, iarratas a dhéanamh lena meas i gcomhair aistriú tí go dtí áiteanna cónaithe eile, sna cásanna seo a leanas:

  • Róphlódú
  • Nuair is mian le daoine scothaosta agus le teaghlaigh eile bogadh go lóistín atá níos lú (laghdú méide)
  • Cúiseanna leighis nó trócaireachta
  • I gcás go bhfuil an tionónta ina íospartaigh na hIompraíochta Frithshóisialta agus fianaise ann ina leith, agus nuair a thacaíonn Aonad Bainistíochta Eastáit na Comhairle agus An Garda Síochána leis an iarratas ar aistriú tí
  • Cúinsí eisceachtúla eile
  • Chun an ceannach ar bhonn incriminteach a éascú, nuair a d'aontaigh an Chomhairle le ceannach den chineál sin

An aontóidh Comhairle Contae Chorcaí le hiarratas ar aistriú tí i gcónaí?

Éascóidh an Chomhairle iarratas ar aistriú tí má mheastar go bhfuil an t-iarratas bailí agus riachtanach. Braitheann gach iarratas ar aistriú tí ar do mhaoin reatha a bheith i riocht oiriúnach lena ligean ar cíos arís láithreach, gan aon riaráiste a bheith ann, agus taifead sásúil a bheith ann maidir le híocaíochtaí rialta.

Anuas ar na rudaí thuasluaite, ní mór do thionóntaí a bhfuil aistriú tí á lorg acu na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh chun sástacht an údaráis tithíochta.

  • Tá siad ina dtionónta ina n-áit chónaithe reatha le dhá bhliain ar a laghad
  • Tá cuntas cíosa glan acu – measfar riaráistí cíosa le haon aistriú tí ach d'fhéadfaí go gcuirfear san áireamh iad nuair a bhíonn comhaontú ann, agus go mbeidh an tionónta ag cloí leis an gcomhaontú sin chun aghaidh a thabhairt ar aon riaráiste den chineál sin thar thréimhse chomhaontaithe ama
  • Tá a n-áit chónaithe i ndea-bhail fós, faoi réir iniúchta uirthi
  • Chloígh siad le coinníollacha a gComhaontaithe Tionóntachta agus níl aon taifead acu maidir le hIompraíocht Fhrithshóisialta

D'fhéadfaí tosaíocht a thabhairt do theaghlach a bhfuil tacaíocht tithíocht shóisialta á fáil aige nuair nach bhfuil an mhaoin ina bhfuil sé ina chónaí ar fáil dó a thuilleadh gan aon mhilleán air féin nó d'ainneoin aon ghníomh arna dhéanamh aige féin, toisc nach leis an gComhairle an teach nó toisc nach bhfuil an teach ar fáil mar áit chónaithe a thuilleadh mar thacaíocht tithíocht shóisialta, i.e. socruithe infhaighteachta maidir le cóiríocht cíosa, tionscnaimh um léasú fadtéarmach, srl.

Measfar comhiarratasóirí ar aistriú tí, aistrithe idir tionóntaí de chuid údarás tithíochta éagsúil, forbairtí deonacha tithíochta, aonaid léasaithe, srl. san áireamh, ar a bhfiúntais féin.

Measfar iarratasóirí a athraíodh go SCC sular tugadh na Rialacháin um Measúnú Tithíochta Sóisialta, 2011 isteach ar an 1 Aibreán 2011, le haghaidh na Tithíochta Sóisialta mar "iarratasóirí ar aistriú tí". Tabharfar creidmheas d'iarratasóirí ar aistriú tí den chineál sin as an am atá caite acu ar an liosta feithimh tithíochta ó dháta a n-iarratas ceadaithe ar thithíochta. Leithdháilfear tithíocht ar thionóntaí den chineál sin i gcomhréir le hOrd na dTosaíochtaí mar a leagtar amach é i Scéim Leithdháileacháin Chomhairle Contae Chorcaí.  

Beidh feidhm ag an bPolasaí um Dhiúltú, de réir Scéim Leithdháileacháin Chomhairle Contae Chorcaí, maidir le hiarratasóirí ar Aistriú Tí freisin. 

I gcás éigeandála nó i gcásanna eisceachtúla leighis/trócaireachta, d'fhéadfadh an Chomhairle neamhaird a thabhairt ar aon cheann de na coinníollacha thuasluaite, nó ar na coinníollacha uile, agus aistriú tionóntachta á cheadú aici.

Nuair a cheadaítear aistriú do thionónta, ní mór do na tionóntaí lena mbaineann glacadh lena n-áit chónaithe nua sa bhail ina bhfuil sí.  Ní mór an mhaoin reatha a thabhairt ar ais do Chomhairle Contae Chorcaí i mbail shásúil agus níor cheart don tionónta aon bhruscar ná fuíollábhar a fhágáil ina dhiaidh.

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Theas, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh

Teil: 021 4285501, Teil: 021 4285215, Teil: 021 4285332, Teil: 021 4285327, Teil: 021 4285265 nó úsáid ár  Foirm Fiosrúcháin ar Líne

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí.

Teil: 022 21123 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne

Oibríochtaí Roinne Chorcaigh Thiar, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Sráid an Cheantaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí 

Teil: 023 8833328 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne

Tá bealach nua tugtha isteach ag Comhairle Contae Chorcaí chun áitribh a ligean d'iarratasóirí ar a dtugtar an Scéim Rogha Tithíochta (SRT).  Tá sé beo i gCorcaigh Thuaidh ó Shamhain 2016 agus gCorcaigh Theas agus Thiar ó Mhárta 2017.

Oibríonn an scéim seo ar an mbonn go bhfógraítear áitreabh atá ar fáil ar ár láithreán gréasáin tiomnaithe, www.cbl.corkcoco.ie ar bhonn seachtainiúil san áit a bhfuil siad ar fáil agus iarrtar ar iarratasóirí léiriú spéise a chur isteach ar aon áitreabh a bhfuil suim acu ann.  

Go dtí seo, ar fud an chontae, tá os cionn 262,512 amharc agus 34,022 léiriú spéise sa chóras.

Tá sé mar thoradh air go bhfuil rátaí diúltaithe tite go 6% agus gur glacadh le 245 maoin as na 246 maoin a fógraíodh ó chuaigh an córas beo.

Is bealach é an Scéim Rogha Tithíochta gur féidir leat spéis i maoin oiriúnach Comhairle i gceantar de do rogha a chur in iúl. Beidh áitribh fógartha ar bhonn laethúil ó 00.00 Dé Céadaoin go dtí 23.59 an Mháirt dar gcionn. Ba chóir d'iarratasóirí ar thithíocht iarracht a dhéanamh logáil isteach gach seachtain chun seiceáil ar na háitribh atá ar fáil an tseachtain sin agus ní mór dóibh siúd a bhfuil fúthu léiriú spéise a chur in iúl, é sin a dhéanamh roimh 23.59 gach Máirt. Is maoin 'oiriúnach' é ceann a bhfuil sé roghnaithe agat spéis a léiriú ann agus go meaitseálann sé do riachtanais tithíochta. 

Tabhair ar aird le do thoil nach ndéanfar ach teaghlaigh iarratasóra a bhfuil spéis léirithe acu i dtairiscint áitribh faoin Scéim Rogha Tithíochta a n-oireann a gcomhshuíomh an cineál maoine a mheas ar dtús e.g. Má tá tú ceadaithe i gcomhair aonad trí sheomra agus go gcuireann tú tairiscint isteach ar aonad cheithre sheomra b'fhéidir nach ndéanfaí tú a mheas ansin. Tabhair faoi deara freisin nach mór duit logáil isteach gach seachtain chun seiceáil ar mian leat spéis a léiriú sna maoine a fógraíodh an tseachtain sin. 

Gheobhaidh tú téacs seachtainiúil ar do fón póca freisin má fhógraítear maoin ar féidir leat spéis a léiriú ann ar Chóras an Scéim Rogha Tithíochta. Is féidir leat na táibléid atá ar fáil i d'oifigí comhairle áitiúil nó an áis idirlín in do bhrainse leabharlainne áitiúil a úsáid freisin.

Breathnaigh le do thoil ar CCanna (pdf) na Scéime Rogha Tithíochta chun tuilleadh eolais a fháil nó úsáid ár bhfoirm fiosrúcháin ar líne thíos don cheantar a bhfuil tú ann:

Sonraí Teagmhála : Scéim Rogha Tithíochta (SRT),  An Rannóg Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh

Teil: 4386635 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne - Corcaigh ThuaidhFoirm Fiosrúcháin ar Líne - Corcaigh TheasFoirm Fiosrúcháin ar Líne - Corcaigh Thiar

Tugadh an Scéim Cheannaigh (Incriminteach) ag Tionóntaí (pdf) isteach i mí Eanáir 2017 in ionad gach Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí a bhí ann roimpi.

Ní mór duit a bheith i do thionónta ar mhaoin de chuid an Údaráis Áitiúil atá ar fáil lena díol agus ní mór go mbeadh tacaíocht tithíochta sóisialta á fáil agat ar feadh aon bhliain amháin ar a laghad agus bunioncam inríofa (ioncam ó gach foinse) €15,000 agat.

Faoin Scéim, íocann tionónta de chuid Chomhairle Contae Chorcaí praghas lascainithe don údarás i gcomhréir lena ioncam chun an teach a cheannach. Agus an díolachán curtha i gcrích, cuireann an t-údarás Muirear Ceannaigh Incrimintigh ar an teach arb ionann é agus comhréir dá luach cothrom leis an lascaine.

Má thuilleann tú €15,000 - €20,000  Lascaine 60% Tréimhse an Mhuirir 30 bliain
Má thuilleann tú €20,001 - €29,999  Lascaine 50% Tréimhse an Mhuirir 25 bliana
Má thuilleann tú €30,000+  Lascaine 40% Tréimhse an Mhuirir 20 bliain

Laghdófar an Muirear Ceannaigh Incrimintigh go náid thar thréimhse an mhuirir in eisiúintí incriminteacha bliantúla de 2% ar an gcoinníoll go gcloíonn an ceannaitheoir le téarmaí agus coinníollacha an ordaithe aistrithe.

Déan teagmháil linn: An Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh.

Teil: 021 4285351  Seoladh ríomhphoist: TPS2016@corkcoco.ie nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin  Ar Líne

Tá cumhachtaí sonracha ag Údaráis Áitiúla agus ag Cumainn Tithíochta in Éirinn chun aon duine atá i mbonn Iompraíocht Fhrithshóisialta, amhail déileáil le drugaí nó aon iompraíocht a mbeadh contúirt, gortú, damáiste, nó eagla a beith ar dhaoine atá ina gcónaí sa cheantar mar thoradh air a dhíbirt. D'fhéadfadh foréigean, bagairtí, imeaglú nó ciapadh a bheith ináirithe orthu seo. 

Is féidir leis an gComhairle diúltú freisin áitreabh a ligean ar cíos, nó ceann a dhíol faoin scéim cheannaigh ag tionóntaí mar gheall ar Iompraíocht Fhrithshóisialta. D'fhéadfadh FSS forlíonadh cíosa a dhiúltú nó a tharraingt siar d'áitreabh atá ar chíos phríobháideach nuair a díbríodh an duine a bhí i gceist, nó gur coinníodh amach é/í nó gur cuireadh amach as tithíocht Údaráis Áitiúil é/í mar gheall ar Iompraíocht Fhrithshóisialta.

Tá tuilleadh sonraí le fáil i Straitéis um Iompraíocht Fhrithshóisialta (pdf) de chuid Chomhairle Contae Chorcaí

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Theas, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh

Teil: 021 4285501, Teil: 021 4285215, Teil: 021 4285332, Teil: 021 4285327, Teil: 021 4285265 nó úsáid ár  Foirm Fiosrúcháin ar Líne

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí.

Teil: 022 21123 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne

Oibríochtaí Roinne Chorcaigh Thiar, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Sráid an Cheantaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí 

Teil: 023 8833328 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne

Cuirtear deontais tithíochta ar fáil do dhaoine a bhfuil seilbh acu ar a dteach féin, nó do thionóntaí Chomhairle Contae Chorcaí, chun cabhrú le daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas leanúint ag maireachtáil go neamhspleách.

Tá roinnt deontas ar fáil:

Is féidir feidhm a bhaint as Deontas do Dhaoine faoi Mhíchumas (pdf) i leith oibreacha ar mhaoine Chomhairle Contae Chorcaí do dhaoine faoi mhíchumas chun é a dhéanamh níos oiriúnaí le freastal ar riachtanais tithíochta áitritheoir maoine atá faoi mhíchumas.  D'fhéadfadh seo a bheith ináirithe ar na hoibreacha: Áiseanna do sheomra leapa ar urlár na talún agus nó do sheomra folctha; Cathaoir staighre; Seomra folctha atá ann cheana a chur in oiriúint do riachtanais an duine faoi mhíchumas.

Déan iarratas ar Dheontas do theach faoi úinéireacht phríobháideach.

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Theas, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh

Teil: 021 4285501, Teil: 021 4285215, Teil: 021 4285332, Teil: 021 4285327, Teil: 021 4285265 nó úsáid ár  Foirm Fiosrúcháin ar Líne

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí.

Teil: 022 21123 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne

Oibríochtaí Roinne Chorcaigh Thiar, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Sráid an Cheantaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí 

Teil: 023 8833328 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne

Ná déan aon athrú gan cead Chomhairle Contae Chorcaí a fháil i scríbhinn. 

Má thugtar cead, ní mór duit a chinntiú go mbeidh aon tionscadal/obair/obair thógála/chothabháil/obair dheisiúcháin arna dhéanamh ag an Tionónta féin, nó ag Tríú Páirtí/Conraitheoir, déanta i gcomhréir le riachtanais na Rialachán um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Tógáil), 2013 (pdf).

Tá tuilleadh eolais le fáil i Lámhleabhar an Tionónta (pdf).

Déan Teagmháil Linn:

Corcaigh Theas, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh  Teil: 021 4285302

Corcaigh Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí Teil  Teil: 022 30469

Corcaigh Thiar, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Sráid an Cheantaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí  Teil: 023 8863728 

Achoimre ar Dhoiciméid